Seán an Díomais & léargas na nDúchasach

Léiríonn insint Mháire ar scéal Sheáin Uí Néill nó Seán an Díomais an dóigh ar shuigh an seanchas, an díchoilíniú agus an staireolaíocht nua-aimseartha i dteannta a chéile. Tosaíonn an scéal le feallmharú Sheáin i 1567 i ndiaidh do ‘lucht ionaid Sasana’ geallúintí bréagacha a thabhairt do chlann Mhic Dhomhnaill, Gaeil an hAlban a raibh cónaí sna Glinnte Aontroma acu:

*Ach má tá brón anocht i dTír Eoghain tá ollghairdeas i mBaile Átha Cliath. Agus cad é ábhar an ollghairdis? Tá cloigeann gan cholainn atá in airde ar spíce ar bhalla an chaisleáin. Tá an aghaidh shnaighte bán agus an ghruaig ‘na líbíní fola, tá sin le feiceáil agat nuair a thig an ghealach amach as faoi na néalta. Tá lucht ionaid an Sasana ansin agus iad ag amharc in airde ar an chloigeann ó am go ham. Iad ag gáire go cruachroíoch droch-mheasúil agus ag caint go spídiúil tarcaisneach. Ach ní fheiceann Seán iad agus ní chluin sé iad.[1]

Is ansin a dhéantar imeartas focal le dearg-ghráin Sheáin i leith na Sasanach a léiriú. Tugadh ‘Seán an Díomais air agus chan leas-ainm ar bith air é. Bhí dímheas aige ar Ghallaibh nach raibh ag mórán eile riamh a roimhe na ‘na dhiaidh. Bhí gráin shaolta aige ar a dtáinig den phór anall.’[2]

Maítear sa chaibidil nár ghéill Seán riamh roimh ghalldú na hÉireann, gur dhiúltaigh sé glacadh le húdarás na Banríona agus gur chloígh le seantraidisiúin na nGael go háirithe an teideal ‘Ó Néill’. Bheadh clann Uí Néill diongbháilte daingean in san dearcadh s’acu nach ngéillfeadh siad roimh Ghall ariamh. B’fhíor an méid seo de réir na staireolaíochta agus na bhfoinsí fiú. Mar a scríobh Seán féin chuig an Bharún Sláine, duine mór le rá imeasc ‘Ghall na hÉirinn’ nó na Sean-Ghaill:

Agus is deimhin gur deacair sin do dhéanamh, do thoil Dia agus mise in mo bheathidh [mise beo], Agus go formhór in chóir agam do leatrom; agus dá mbeadh an chuid is fearr do chlann Uí Néill agus mise gan anam, ní dhéantaí gabháltas ar an chuid do bheith beo [go fóill] acu; agus is minic a thairgeadh gabháltas do dhéanamh orthu agus níor críochnaíodh sin [ariamh].[3]

Leoga, shínigh Seán achan litir ‘Mise Ó Néill’. Ach i bhfírinne, bhíodh Seán sásta glacadh le riail Shasana dá bhfágfaí na Gaeil agus Clann Uí Néill i réim gan chur isteach. Déantar cur síos ar an taidhleoireacht nó an cur i gcéill nuair a thug Seán cuairt ar an Bhanríon i Londain agus an dá dhream ag cur dallamullóg ar a chéile. B’fhiú a lua anseo gur aontaigh na Sasanaigh leis an chruinniú cionn is gur theip orthu agus ar an Iarla Sussex Seán a threascairt trí fhórsa agus in ainneoin iarracht déanta ag Iarla Sussex Ó Néill a nimhiú![4] An tátal a bhaineann Máire nó gurbh í saoirse na nGael nó an chloch is mó ar phaidrín Chlann Uí Néill agus Seán a sheas an fód in éadan an choncais mar gur thuig sé nach dtig leis teacht ar chomhréiteach leis na Sasanaigh i ndeireadh na dála.

D’fhéadfaí a argóint go dtagann an tuairim seo salach ar dhearcadh nua-aoiseach an choncais agus ar dhioscúrsa an choilíneachais féin. Ach sa chás seo, is eiseamláir é Seán i gcoimhlint sibhialtachtaí. Cuireann Máire síos ar chruinniú mullaigh ina bhfuil comhstádas ag an dá theanga agus dhá shibhialtacht, fiú cuireann sé in iúl gurbh í sibhialtacht Shasana nó an tsibhialtacht íochtarach. Sin an fáth a bhfuil eagla ar an Bhanríon roimh Sheán ar an chéad dul síos, dar leis:

Bhí eagla uirthi nach mbeadh mórán measa ag Seán ar iarlacht a thiocfadh ó lámha Gall. Bhí eagla uirthi go raibh dímheas aige ar a cuid ribín agus ar a cuid ornáid. Bhí sé a’ déanamh nár ní leis ainm ar bith ach Ó Neill agus nár ní leis ceannas ar bith ach a’ ceannas a gheobhadh sé ó lámha Gael mar ba dhual sinsear dó.[5]

Dearbhaíonn Seán: ‘ní iarrfaidh muidne déirce oraibh agus ní ghlacfaimid deirce. Linn féin a’ tír seo de sheilbh dhílis agus níl baint nó páirt agaibhse díthe.’ Mar sin de, nuair a théann sé anonn go Londain i 1562, aircitíopa atá ann den cheannaire dhúchasach a thugann bunús dá shibhialtacht féin. 

Ach nuair a chuaigh Seán go Londain ní dheachaigh sé leis féin. Bhí garda leis de na ceithearnaigh b’fhearr a bhí in Ulaidh. Agus níor chuir siad éadaí na Sasana orthu ach oiread. Ní raibh náire orthu ar na fallaingeacha a bhí fá n-a nguaillí nó ar na foilt shaobh chasta a bhí anuas fá n-a gcluasa. Agus ní raibh náire orthu labhairt i nGaeilge…Tháinig an t-iomlan isteach fríd chúirt Isibéil agus cuma fhearúil dhána orthu. Níorbh fhir iad le gabháil a mhagadh orthu. Bhí na mílte dá gcineál in Ulaidh agus b’fhearr a ghabháil ‘un blandair leo ‘na gabháil ‘un spairne leo.[6]

Seo mar a chuir an staraí Sasanach comhaimseartha mór le rá, William Camden, síos ar an chuairt:

From Ireland came Shane O’Neill, who had promised to come the year before, with a guard of  axe-bearing gallowglasses, their heads bare, their long curling hair flowing on their shoulders, their linen garments dyed with saffron or human urine, with long and open sleeves, with short tunics and furry cloaks, whom the English then wondered at as much as they do now at the Chinese or American aborigines.[7]

Tá dioscúrsa na sibhialtachta le braistint go soiléir sa tsliocht thuas luaite, ach ar ndóigh, dearcadh na Sasanach atá le léamh ann. Ba é seo an méid a bhí le rá ag Ambasadóir na Spáinne faoin eachtra céanna níos suntasaí go fóill nó: ‘cé gur barbartha a chuid gruaige, níl Seán féin barbartha ina mheon dar liom.’ [8] Leoga, cé gur umhal Sean roimh an Bhanríon go pointe, bhíodh sé i mbun comhcheilge leis an Spáinn agus leis na hAlbanaigh fiú le linn an ama.

Maíonn lucht na staireolaíochta eimpírí go ngineann an cleachtas s’acu stair gan chlaontacht cionn is go mbraitheann sé ar an fhianaise agus ar na foinsí amháin. Níos faide anonn, scríobh an staraí impiriúil mór le rá, Froude, nach raibh i Seán ach ‘some wild animal of the desert’, agus é lán le gol agus díoscán fiacla gurbh éigean don bhanríon “half Ireland [a chur] in the hands of an adulterous murdering scoundrel”. Chuir sé críoch lena alt nach raibh ann anseo ach an dóigh ‘the Irish liked to have it so’.[9]

Is contúirteach ar fad é mar sin de, nuair nach ndéanann an staraí staideár ach ar fhoinsí a eascraíonn ó thaobh amháin i gcoimhlint sibhialtachtaí, ní nach ionadh go dtagann an taobh eile amach go holc, nó mar a dúirt Fanon: ‘cuirtear an oibiachtúlacht  i gcoimhlint leis an dúchasach go deo’. Bunaítear an t-athbhreithiúnachas i staireolaíocht an hÉireann air seo, cur chuige a fuair staraithe acadúla na hÉireann ar iasacht ó eimpírí Shasana den chuid is mó. Thar aon duine eile, tháinig clú agus cáil ar Geoffrey Elton mar staraí den chineál seo. Mhaígh Elton gur bhain ‘an staraí’, a chuir printíseacht dhian isteach, úsáid as fíricí oibiachtúla na staire (a thagann amach as anailís chríochnúil na bhfoinsí) le himeachtaí agus feiniméan na staire a athchruthú mar a bhíodh siad i ndáiríre gan chlaontacht, nó an fhírinne mharbh atá neamhspleách ón staraí féin. Thig leis an léitheoir blaiseadh den stair neamhchlaonta seo a fháil ón mhéid a bhí le scríobh ag Elton faoi Sheán Ó Néill agus a léirmhíniú breac le meancóga faoi fhíricí na tréimshe chomh maith.

Shane was permitted to retain the reality of power as captain of Tyrone, while the young heir to the earldom — Hugh O’Neill — was taken to England to be educated at court. Of all Elizabeth’s Irish opponents Shane was probably the most primitive — a true savage who has been described as ‘a drunkard even by contemporary Ulster standards’, but a formidable warrior. He next spent four years of horrible war and tyranny, winning control over all Ulster; by 1566 he was so far successful that he boasted himself greater than any earl, got in touch with Rome in the hope of finding allies against the English overlordship, and appealed for help to France… The O’Neill was a great man, as savages go, but his overthrow benefited most of all his own Irish neighbours. The chieftaincy of Tyrone passed to Tirlagh Luineach O’Neill, a man who through nearly thirty years of moderate ambitions and hard drinking proved the wisdom of a cunning policy and the preservative qualities of Irish whiskey.[10]

Cé atá in ann breathnú ar an bhiogóideacht gan bhunús thuas luaite is a rá gur stair eolaíoch neamhchlaonta atá inti nó nach bhfuil in san mhéid a scríobh Máire ar an ábhar chéanna ach béaloideas i gcomparáid leis. Ach, tá pointe níos tábhachtaí fós ann mar fiú na staraithe nó na hathbhreithniúchóirí is fearr agus is nua-aimseartha ar nós Ciaran Brady, tá a mhodheolaíocht lochtach ó thaobh an choilínithe de. Leis an fhírinne a thabhairt dó, ins san bheathaisnéis s’aige ar Sheán, baineann Brady an bonn den steiréitíopa ciníoch nó Seán an Díomais, barbarach rómhiangasach drabhlásach, ach ‘sé seo an tátal a bhaineann sé amach nó:

At the back of the conflict between Sussex and Shane there lay, then, no crude confrontation between the English conquistador and the native chief, but a question of how the O’Neill was to be fitted into the reformed and Anglicised Ulster envisaged in the process of surrender and regrant.[11]

Ní thig leis an staireolaíocht seo trácht a dhéanamh ar an teachtaireacht a chuir Domhnall Ó Néill chuig an Phápa i 1371 leis an Bhrúsach a threisiú mar a luaigh Máire níos luaithe sa téasc, nó go ndéanfadh Seán agus a athair Conn Bacach iarracht comhghuaillíocht a eagrú leis an Albain fosta. Mhaígh T. W Moody [bunaitheori an athbhreithniúchais in Éirinn] gur bhior sa bheo a bhíodh in Ultaibh i dtólamh ag rialtas Shasain. Níorbh é aon dóithín a bhíodh i gcur isteach na Sasanach dar leis na Dúchasaigh in ainm Chroim! I ndeireadh na dála, chuirfeadh coróin Shasain cinedhíothú i bhfeidhm leis an fhadhb s’aici a shocrú. Ní dhéanann an staireolaíochtt eimpíreach impiriúil seo ceistiú faoin cheart a bhí ag Sasain a leithéid de phroiseás a chur ar bun ar an chéad dul síos. Amhracann an staireolaíocht seo soir agus eascraíonn sé as meon agus as ceartlann an gcoilíneach. Seachas sin, ba cheart ár radharc a thiontú siar agus ord tosaíochta a chur i léargas agus tosaíochtaí na ndúchasach, iad siúd gur leosan an tuath (idir thalamh agus dhaoine). Ní thig leis an staireolaíocht seo próiseas an choilíneachais a aimsiú fiú á thuigbheáil mar a thuigeann na dúchasaigh é ach ní sin le rá nach mbaineann an ‘fhírinne’ le tuigbheail an dúchasaigh ach oiread.

Agus staidéar le déanamh ar an stair agus ar an choilíniú go háirithe againn, níl muid ag breathnú ar shraith d’íomhánna a ghabhann bomaite ar leith reoite san am a chuaigh thart. Leoga, cuid den fhírinne faoin stair atá san íomhá úd ach ní hí rud statach í an íomha san fhráma nó radharc s’againn ach oiread. Is léiriú físiúil de rud ínteacht atá ag athrú é, nó toradh ar phróiseas san am a chuaigh thart agus, ina theannta sin, innéacs don todhchaí roimpi. Leis seo a thuigbheáil ina iomláine, tá géarghá ann le catagóirí nó córas léirmhínitheach a shamhlú ach ní hionann an iomláine seo agus an fhírinne chríochnúil nó ‘an teoiric’ nó fiú amháin cur i gcéill gan bhonn eimpíreach atá i gceist. Is eolas stairiúil é atá bunaithe ar réasúnaíocht agus loighic na staire cé gur eolas sealadach, garbh atá ann ach feidhmíonn sé ar bhonn eimpíreach. Mar a mhaígh an staraí Marxach, E. P. Thompson: ‘When we speak of the “intelligibility” of history, we may mean the understanding of the rationality (of causation, etc.) of historical process: this is an objective knowledge, disclosed in a dialogue with determinate evidence.’[12]

An chumhacht a bhaineann le Feara Fáil nó go ndéantar iarracht leis an tsintéis seo a bhaint amach, ‘dialóg’ nó leabhar staire le bonn eimpíreach a scríobh a chuimsíonn seanchas an mheoin neamh-choilínigh agus tionscadal an díchoilínithe. Tá na gnéithe sin le feiceáil níos soiléire arís in san chuid faoin dá Aodh, comharba Sheáin, Aodh Mór Ó Néill i measc na Niallach agus a chomhghuaillí, Aodh Ruadh Ó Domhnaill mar thaoiseach na nDálach. ‘Sé sin ábhar an chéad bhlaig eile.


[1] * cé gur sacrailéid atá ann de réir mórán daoine, fad is a bhí an t-údar in ann, athraíodh an buntéacs isteach sa téacs caighdeánach (is dócha, gan a sruth a chailleadh) ar mhaithe le lucht léitheoireachta níos leithne a éascú (Feara Fáil, lch. 42)

[2] Ibid.

[3] Seán Ó Néill chuig Barún Sláine, 1561, John O’Donovan, ‘Original Letters in the Irish and Latin Languages, by Shane O’Neill’ in Ulster Journal of Archaeology , 1857,lch. 272.

[4] Ciaran Brady, Shane O’Neill (BAC, 2015), lch. 38.

[5] Feara Fáil, lch. 43.

[6] Fear Fáil, lch. 44.

[7] O’Donovan, lch. 259.

[8] Melissa Sheils¸’No mean diplomat’, History Ireland, NOVEMBER/DECEMBER 2022, Vol. 30, No. 6, lh. 20.

[9] Margaret Rose Jaster Source: New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua , Autumn, 2007, Vol. 11, No. 3 (Autumn, 2007), pp. 81-97

[10] G. R. Elton, England Under the Tudors (Nua Eabharc, 1955), lch. 388.

[11] Brady, Shane O’Neill, lch. 42.

[12] E. P. Thompson, The Poverty of Theory (Nua Eabhrac, 1978), lch. 233.

Leave a comment

Comments (

0

)