An Dragan Mór Dearg agus an Cat Mara

 An Dragan Mór Dearg agus an Cat Mara

An bhfuil an Dragan Síneach ag brúchtadh tine lenár sibhialtacht a scriosadh? De réir tuairisce a bhí ann sa Guardian an lá fá dheireadh, tá imní ar na cúig shúil go bhfuil (29 Iúil 2020). “Cé hiad na cúig shúil?” arsa tusa. ‘Siad na seirbhísí faisnéise sa Bhreatain, SAM, an Ceanada, an Astráil agus an Nua-Shéalainn – nó maistrí an domhain de phór Angla-Shacsanach a bhíodh i dtús cadhnaíochta i dtrádáil, i dtionscadal agus i dtréadaíocht an chine dhaonna le dhá chéad bliain anuas. Bhíodh na meáin Shasanacha ag tabhairt amach gan stad ná staonadh faoi bhagairt na Síne le breis is bliain anuas. Uaireanta, síltear na mbíonn fáic ar nuacht na teilifíse don tAngla-Shacsanach cois teallaigh [seachas na figiúirí Covid is measa ar domhan ar ndóighe) ach scéalta faoi mhuintir chróga an Hong Cong atá i mbearta crua i láthair na huaire lena mbunchearta daonlathacha a tharrtháil ó thíoránacht na gcumannaithe.

Os a choinne sin, is cinnte gur chuala gach éinne againn faoi na hUighir nó an mionlach Moslamach a ndearna stát na Síne cos ar bolg millteanach air ar na mallaibh. Meastar gur cuireadh milliún acu i gcampa géibhinn le haghaidh síolteagaisc agus tá ráflaí thart go ndearnadh aimridiú ar chuid de na mná mar chuid de ghlanadh eitneach céim ar chéim. Fiú go bhfuil fianaise eile ann go ndearna an Críostaí athbheirthe Adrian Zenz [an chéad iartharach a bhris an scéal] áibhéil áiféiseach ar na staitisticí, níl mórán amhrais ann go bhfuil an rialtas i mBéising ag imirt ansmachta ar chuid mhaith den daonra siúd.

Ní gá dom a rá gur leathan an bhearna idir mo thuigbheáil féin ar an Mharxachas agus an hibrid idir Confúiceachas, cuntasóireacht agus caipitleachas a chleachtar faoi cheannasaíocht chumannach an CCP. I ndiaidh dó theacht i gcumhacht i 2012, thiontaigh Xi Jin Ping an tSín ar ais i dtreo an Stailíneachais nó i bhfírinne an meascán míre Mandairínise de chaipitleachas stáit agus údarasaíochas. An bhliain dár gcionn, eisíodh doiciméid #9 a chuir cosc ar seacht n-idéanna a bhain leis an daonlathas liobrálach go háirithe ach a chosc criticeas Marxach ar an réim fosta. Is sár-chumhacht anois í an tSín agus í ar a bealach le bheith mar an geilleagar is mó ar domhan agus ceannródaí na teicneolaíochta fá 2030. Is leis an stát cumannach seo $1.1 trilliún d’fhiach Stáit Aontaithe Mheiriceá agus mar gheall ar a polasaí “crios agus bóthar”, tá margaí cruthaithe idir í féin agus an Deisceart nó an triú domhan nach mbraitheann ar na ceannaithe Angla-Shacsanacha – ní nach ionadh go bhfuil na cúig shúil ag amharc go géar ar theacht i dtreis an dragain dheirg agus a gcac ag creathadh iontu.

Thart fá 1810, chríochnaigh an t-ealaíontóir agus radacaí sóisialta Sasanach, William Blake, réimse pictiúr faoin dragan dearg a léirigh radharcanna ó Apacailipsis Eoin [na cinn sin a chonaic an soiscéalaí agus é ar Patmos na Gréige agus, más fíor na ráflaí, as a mheabhair ar na muisiriúin mhíre ag an am chomh maith). Síleann lucht an Iarthair gur féidir meafar a dhéanann leis an phictiúr is clúití nó “An Dragan Mór Dearg agus an Bhean a bhfuil Clóca Gréine uirthi” agus contúirt na Síne sa lá atá inniu . De réir na bolscaireachta a chuirtear faoinár mbráid gach oíche ar an nuacht, ‘sí an tSín an t-arracht mailíseach mallaithe atá ar tí an ainnir aislingeach álainn Angla-Shacsanach a alpadh! Ach má scrúdaítear an scéal ar bhonn níos criticiúla, ba cheart pictiúr eile ón tsraith a úsáid nó “An Dragan Mór Dearg agus an Cat Mara”. An bhliain chéanna is a phéinteáil Blake an dragan, d’eisigh Impire na Síne forógra a chuir cosc ar thrádáil an chodlaidín [óipiam] mar gheall ar an dochar a rinneadh ar an tsochaí sa tír is saibhre ar domhan ag an am. “Cé a dhíol na drugaí seo agus cén bhaicle bhithiúnta a thosaigh dhá chogadh le cumhacht na Síne a bhriseadh?” arsa tusa. Cé eile ach an Bhreatain agus a dearthair beag Poncánach. Scríobhadh sa bhlag seo cheana gur tógadh an caipitleachas agus impiriúlachas an Iarthair ar an sclábhaíocht agus an cinedhíothú, ach leis an chás a chur chun an donais (agus brábús na sclábhaíochta ag meath), chinn fiontraithe Críostaithe na Breataine cairtéal na ndrugaí is mó ariamh a thógáil lena smacht a fhairsingiú fud fad na hÁise.

Chuala mé faoi na 5 shúil don chéad uair sna leabhair a scríobh Ian Cobain, Cruel Britannia agus The History Thieves. I ndiaidh an dara cogadh domhanda, scaip an Bhreatain ré an uafáis fud fad a himpireachta. Chéas siad príosúnaigh agus dhúnmharaigh siad sibhialtaigh ón Chipir go dtí an Chéinia. Ansin, de réir mar a tharraing siad amach as na tiortha seo agus a gcleití síos leo, ordaíodh go scriosfaí gach cáipéis a chuirfeadh cuma dhiúltach ar rialtas na Banríona. Ar deireadh, cuireadh na milliúin acu i gcartlann mhór rúnda i Sasana. Ní thig le George Orwell a leithéid a chumadh, ach nach bhfuil a fhios againn go maith faoin iompar seo in Éirinn mar gur cleachtadh na cúig theicnic ar náisiúnaithe an tuaiscirt ag tús na dtríoblóidí sular thoisigh an Bhreatain ag stiúradh dronganna dílseoirí mar scuaid báis mar chuid dá leibhéal inghlactha d’fhoréigean. Ní gá duit dul i bhfad siar i leabhair na staire le fáil amach gur chuma le stát na Breataine sa foc faoin daonlathas nuair a thagann sé salach ar a leas féin.

Feictear an fhimíneacht go smior ann nuair a thugann gobshites geala gambúnacha amach faoi bhagairt na SÍne, ar nós Andrew Hastie, cathaoirleach choiste na faisnéise i bParlaimint na hAstráile a d’inis don Chumann Henry Jackson ar na mallaibh go mbeadh ar na cúig shúil a chomhoibriú le dúshlán na Síne a thabhairt san am atá le teacht (Guardian, 29 Iúil 2020). “Cumann cad é?” arsa tusa – ‘sea an Cumann Anraí Mhic Sheáin – brúghrúpa agus meitheal machnaimh a bunaíodh i 2005 a deir gur mhaith leo an daonlathas liobrálach a chur chun cinn trí idirghabháil a dhéanamh i dtiortha eile agus cumhacht mhíleata SAM agus a gcomhghuaillithe a mhéadú. Seans go mbeadh aithne ag an léitheoir ar bheirt Éireannach [cé go maíonn siad gur Bhriotánaigh iad] sa chumann nó David Trimble agus Paul Bew. Gan fiacail a chur air, baicle bligeard atá ann a fheidhmíonn de dhlúth agus d’inneach le seirbhísí faisnéise Washington agus Londain agus más mian leat réamhaisnéis ar pholasaí na Breataine a fháil, amharc ar na seimineáir s’acu. Ach seachas an daonlathas, ba mhaith leis an dream seo agus na stáit a dtugann siad seirbhís dóibh a bhforlámhas a chinntiú.

Tá muidne ag cloisteáil faoi éagóir na Síne agus an t-ionsaí ar an daonlathas i Hong Cong cionn is go bhfuil an Dragan Dearg ar tí an lámh in uachtar a fháil ar an Chat Mara. Ach sula nglactar gan cheistiú le bolscaireacht an Iarthair, ba cheart cupla pointe a dhéanamh. Maidir leis an easpa daonlathais i Hong Cong, sampla é den óinseach ag aoradh ar an amadán. Ar an chéad dul síos, fuair an Bhreatain an t-oileán mar chreach i gCogadh an Óipiam. Ní nach ionadh a thug Ruairí Mac Easmainn impireacht na bhfolaithe mara ar an dream seo a mharaigh i ngach margadh gan maitheas nó moráltacht. Agus iad crochta ar thaobh na haille, rialaigh na gadaithe geala an t-oileán gan trua gan taise beag beann ar bhunchearta na ndaoine bochta a chónaigh sna slumaí móra “faoin mhullach”. Chuir na smachtaithe Sasanacha leagan den chinedheighilt i bhfeidhm in éadan na Síneach. B’éigean do na dúchasaigh pas oíche a iompar, ní raibh de cheart acu freastail ar scoileanna áirithe nó ar an amharclann ag amanna áirithe agus bhí orthu taisteal i gcarráistí difriúla traenacha ná na hEorpaigh. Bíonn Mike Pompeo ag clamhsán faoin daonlathas i Hong Cong, nach air atá an muineál! Ní thig leat breathnú ar na péas ag ionsaí lucht na hagóide i Hong Cong gan smaointiú ar na fórsaí paraimíleata a chur Trump chuig na cathracha SAM le dul i ngleic le hagóideoirí síochánta BLM – ní faide gob na gé ná gob an ghandail.

Ina theannta sin, caithfear croí cloiche a bheith agat gan trua a mhothú do na hUighir, ach cad é faoi na SAM? Tá 900 sráid ainmnithe de MLK ach tá 2.5 milliún faoi ghlas i bhfoirm éigin sa tír úd. Is ionann sin agus 25% de dhaonra príosúin na cruinne, ach ní chuimsíonn SAM ach 5% de mhuintir an domhain. Is ionann seo agus an Jim Crowe nó an sclábhaíocht nua-aimseartha cionn is go bhfuil dochúlacht trí huaire níos mó ag duine gorm críochnú i ngéibhinn ná dream eile agus meastar go gcuirtear fear gorm in achan ceathrar faoi ghlas ag pointe éigin sna SAM, áit a ndéanann siad obair ar phá íseal do chomhlachtaí príobháideacha. Agus tuilleadh fós, cuirtear cuid mhaith acu faoi ghlas mar chuid den chogadh in éadan na ndrugaí. Polasaithe a stiúrann polaiteoirí a chaitheann drugaí gan ionanálú nó a luíonn faoi chith órga ó striapaigh Rúiseacha – bíodh do rogha agat! Bhí SAM chomh ciontach leis an Bhreatain i dtrádáil an Óipiaim tráth agus sa lá atá inniu bíonn claonpháirteachas gan stad nó srianadh idir an CIA agus tiarnaí drugaí fud fad Meiriceá Theas, áit ar bith a ndéanann na gnáthdhaoine iarracht sáil na bponcán a thógáil óna muineál.

Scarann fórsaí Trump teaghlaigh bochta ag an teorainn le Meicsiceo, gabhtar na leanaí agus is cinnte go bhfuil muid ar aon intinn gur ghníomh gránna gráiniúil é iad a chaitheamh i gcás, ach chan de réir Fox News. Thacaigh SAM agus an Bhreatain go smior leis an chinedheighilt san Afraic Theas agus is mór an chosúlacht idir stádas na bPalaistíneach i láthair na huaire agus Mandela agus a mhuintir san am a chuaigh thart. Inniu tacaíonn SAM gan choinníoll leis an réim choilíneach san Iosrael agus na lonnaitheoirí mídhleathacha sna Críocha faoi Fhorghabháil. Thar aon ní eile, bronnann SAM $ 8.5 milliún an lae don Iosrael mar chúnamh míleata. (Figiúr in Angela Davis, Freedom is a Constant Struggle). Tá scrios iomlán déanta ar an Iaraic, an Libia, an tSiria agus an Afganastáin le fiche bliain anuas agus na milliúin marbh dá bharr, ach ná bí buartha, rinneadh é go léir ar mhaithe leis an daonlathas liobrálach.

Go bunúsach, ní thig leis an Bhreatain, SAM agus na trí shúil eile a thabhairt amach faoin tSín nuair a scriosann siad an daonlathas gan scrupall ar mhaithe leo féin. Anuaraidh, d’eagraigh SAM coup in éadan uachtarán tofa na Bolaive. Evo Morales. Dúradh ag an am gur shocraigh sé an toghchán agus theith sé faoi bhrú millteanach agus cuireadh puipéad CIA ina áit mar cheannaire sealadach, bean nach bhfuair ach 4% den vóta. Shaothraigh Morales [an chéad uachtarán dúchasach ariamh] breis is leath na vótaí. Tháinig tuairsic amach an tseachtain seo caite a chuir in iúl go soiléir go raibh an vóta ceart agus cóir, ach tá an Bholaiv ar na foinsí litiaim is mó ar domhain agus mar dúirt Elon Musk, a bhfuil an miotal de dhíth dá ngluaisteáin, ar Twitter “We will Coup Whoever we Want”! Ní tharla toghchán úr go fóill – ná bí ag tnúth le ceann go luath!

Tá an Dragan Mór Dearg ag teacht chun cinn gan amhras agus ní gárthóir molta mé dó ar chor ar bith. Mar sin féin, tuigim cad chuige a bhfuil roinnt tiortha bochta sa deisceart ag tréigean an Iarthair agus ag comhoibriú leis an tSín, mar ní íocann siad an praghas céanna i bhfuil agus i bhfhortúin nó i gcréach agus i gcorpáin ná mar a bhain impireacht na bhfoghlaithe mara astu nuair a bhí siadsan i mbarr a réime. Thig le lucht Henry Jackson a línte a sníomh faoin daonlathas liobrálach agus an dubh a chur ina gheal orainn ach níl ann ach gréasán bréag i seirbhís an chait mhara. Seans ann go bhfuil cuid den fhírinne taobh thiar den bholscaireacht fhrith-Shíneach, ach seo comhairle do na hAngla-Shacsanaigh mórtasacha seo sna cúig shúl – sula mbaineann sibh scealpóg as súil na Síne, bainigí na cláir as bhur súile féin!

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: