1921 & 2021: náire iarchoilíneach agus taibhsí na réabhlóide  

An tseachtain sular bhain Tír Eoghain cluiche ceannais na hÉireann don cheathrú huaire, léigh mé alt measartha suimiúil a scríobh Declan Bogue don Examiner a rinne iarracht theoranta ar an dearg-ghráin atá ag achan duine eile (ach Seainíní go háirithe) ar mo chontae agus mo mhunitir a mhíniú. Chuaigh Bogue siar go dtí Aodh Mór agus Eoghan Ruadh Ó Néill, ach nuair a thosaigh sé ag trácht ar an chríochdheighilt céad bliain ó shin agus ár ndearcadh féin gur fágadh ar an trá fholamh muid, rinne sé peataireacht ar a lucht léitheoireachta deisceartach nuair ba cheart dó a theacht amach go neamhbhalbh is a rá go mbaineann an fuath atá ann dúinn go páirteach le náire iar-choilíneach. Goilleann buanna Thír Eoghain ar lucht an tSaorstáit (mé ag labhairt faoin bhunaíocht agus na meáin BÁC 4 go háirithe anseo) mar nuair a dhéanann an Talaban Thír Eoghain scrios ar Chiarraí nó Áth Claith nó dream ar bith eile ar cheart dóibh an chraobh a bhaint, tagann na droch-chuimhní (a bhí curtha as a ceann ag an bhunaíocht) chun tosaigh aríst agus caitear amharc go géar uirthi féin i scáthán na staire agus is gránna a haghaidh ar an mhion-scrúdú.  

Agus na Gaeil i dTír Eoghain ag fulaingt go ciúin mar chine íochtarach faoin Stáitín Oráisteach inar caitheadh linn mar a bheadh saoránaigh den dara grád ar feadh leathchéid (cé gur ghéillsinigh na banríona ar cheart a rá) an dearcadh a bhíodh ann ó dheas nó an rud nach bhfeiceann an tsúil, ní chránn sé an croí. Cé go raibh an ceart ag Bogue maidir leis an oideachas agus innealtóireacht 7rl agus an dóigh ar forbraíodh CLG sa chontae, d’fhág sé cúis staire thar a bheith tábhachtach eile as an áireamh mar níl sé fóirsteanach dó nó dá lucht léitheoireachta, sin le rá feachtas na nÓglach.  I ndiaidh 1970, dhiúltaigh an lucht oibre náisiúnach glacadh lenár stádas íseal níos mó, d’eirigh muid ónár nglúine agus throid muid in éadan an stáitín sheictigh agus impireacht na Breataine agus ní raibh siad in ann muid a chloí. Nuair a ba ghnách linn dul síos leis an chluiche leathcheannais a chailleadh in éadan Chiarraí nó Áth Cliath, chuimil lucht an Deiscirt muid ar ár gcloigeann agus caitheadh linn mar a bheas paistí ann – ‘nach bhfuil sibh maith ag coinneáil an rud ag dul thuas ansin – fair play daoibh’. Nuair a tháinig muid anuas agus léirigh muid scileanna chomh maith nó níos fearr ná hiad agus déine agus tréine ar chaighdeán eile ar fad, léim na cnámharlaigh iar-choilíneacha amach as an chófra! 

An fhadhb atá ann do bhunaíocht an deiscirt nó tá uair na cinniúna ag teacht maidir leis an teorainn agus réabhlóid tréigthe na hÉireann roimh i bhfad. Beidh mé féin ag labhairt faoi seo mar chuid d’fhéile staire Bhaile Átha Claith ag deireadh na míosa seo agus ba cheart dom amharc isteach ar an dlúthbhaint a bhí ann idir ceist na críochdheighilte (agus Tír Eoghain) agus an frithréabhlóid ó dheas. Bhí náisiúnaithe an tuaiscirt thíos go mór mór mar gheall ar fhrith-réabhlóid na tíre ach thréig bunaíocht an deiscirt an réabhlóid agus an Phoblacht ina hiomlan nuair a glacadh leis an Chonradh Angla-Éireannaigh céad bliain ó shin agus seachas ag seasamh leis an mhandaid ar son na poblachta, dhíol an mheánaicme Chaitliceach a hanam ar a bolg, thréig muintir an tuaiscirt agus mharaigh na poblachtaigh ar mhaithe lena máistrí impiriúla a shásamh. Ní thig leat cúrsaí ó thuaidh agus ó dheas sa tréimshe a scaradh óna chéile mar chuir an Bhreatain críochdheighilt i bhfeidhm leis an réabhlóid a chloí agus a tosaíochta impiriúla a chosaint agus is é sin tús agus deireadh an scéil.  

 I Meitheamh 1920, scríobh Henry Wilson sa dialann s’aige go raibh sé buartha go gcaillfear ‘Éire ar dtús, an Impireacht ina diaidh agus go gcaillfear Sasana féin i ndeireadh na dála’ (Newsinger, The Blood Never Dried, lgh. 115-116). Dhá bhliain ina dhiaidh sin, agus marbhán Mhic Liam chan fiú fuar sa chré, thuargain Michéal Ó Coileáin (go rabhthas á mhaoímh gur ordaigh sé bás Mhic Liam) a iar-chomrádaithe sna Ceithre Chúirt le gunnaí ar iasacht ón impireacht chéanna. I bhfírinne, d’earcaigh bodaí móra na himpireachta an Coilíneach leis na poblachtaigh, nach raibh siad in inmhe a bhualadh leo féin, a scrios dóibh. Leoga, scríobh Churchill chuig Craig i mBéal Feirste go dtig leis na fir bhuí a bheith ar a sáimhin só anois gur nocht Ó Coileáin a fhaobhar in éadan naimhde na himpireachta.(7 Iúil 1922, PRONI, CAB 6/75).  

B’ionann an chríochdheighilt agus bunchloch pholasaí na Breataine, ach an fhadhb a bhíodh ann nó gurbh éigean don Bhreatain Tír Eoghain, Fear Manach, Cathair Dhoire, an tIúr agus Ard Mhacha Theas a chur isteach sa Tuaisceart mar go dtitfeadh an chomhghuaillíocht tras-aicmeach aontachtach as a chéile dá gcaillfeadh Carson agus Craig na ceantair sin. D’inis Lloyd George do Pharlaimint na Breataine i 1920 nach raibh aon amhras aige go raibh tromlach glan ar son neamhspleáchas iomlán agus poblacht ar an oileán. (Hansard, 31 Marta 1920 iml 127 c 1323). Thig leis an léitheoir blaganna eile dem chuid a léamh a léireoidh go soiléir nach luíonn ciall ar bith leis an bhraistint go raibh Ulaidh i dteideal féinchinntiúchán – an mhalairt a bhíodh i gceist, cuireadh an teorainn i bhfeidhm leis an daonlathas a scrios agus úsáideadh bagairt an fhórsa leis an Chonradh a bhrú tríd. Mar a dhearbhaigh Liam Ó Maoilíosa sa Dáil in Eanáir 1922: nach ‘mian na ndaoine a bhí sa chonradh ach eagla na ndaoine’.(Ó Tuama, Cogadh na gCarad, lch. 4) 

Seachas sin, tharla frith-réabhlóid ar an dá thaobh den teorainn inar cruthaíodh stáitín suarach seicteach ó thuaidh agus prochóg choimeádach Chaitliceach ó dheas. Ach, ní seo le rá, mar a mhaíonn athbhreithniúchóirí, go raibh seo uilig dosheachanta. Mar a scríobh Liam Ó Flatharta faoi dhochas na réabhlóide i 1919: ‘chualathas baothchaint faoi shochaí chumannach Ghaelach nach mbeadh bochtaineacht, coimhlint shóisialta, gránnacht nó gain ann’.( Mitchell, Revolutionary Government, lch. 43) De réir Brendan Behan, sa the Quare Fellow, áfach ‘níor athraigh an Saorstát faic ach an suaitheantas ar chaipín na mbairdéirí’.  

D’fhéadfaí a argóint go bhfacthas athailíniú idé-eolaíochtaí de na fórsaí sóisialta d’fhrithdhúnadh 1913 nuair a bunaíodh agus daingníodh an Saorstát, sin le rá gur tháinig caipitil Chaitliceach impiriúil, an Eaglais, pobalachas seicteach den eite dheis agus stát na Breataine chun tosaigh agus ar an lámh eile cuireadh na boicht i gcomhair le hiarmsaí na bhfíníní agus sruthanna radacacha den leath-mheánaicme chultúrtha faoi chois. Ar ndóigh, thig linn cuid den locht a chur ar cheannairí na gceardchumann agus lucht na poblachta. Mhaígh Peadar O’Donnell nár thug éinne faoi deara nár líonadh suíochán Uí Chonghaile nó nár tugadh aitheantas don áit a bhain sé do ghluaiseacht an lucht oibre sa streachailt ar son na saoirse nuair a bunaíodh Sinn Féin i 1917 (Mitchell, Labour in Irish Politics, lch, 83.) I mball eile, mhaígh sé gur chaill na poblachtaigh amach i 1921 cionn is nach raibh siad in ann an streachailt aicmeach a léiriú le linn chogadh na saoirse nó go ndearna siad cosaint ar na rainseoirí, gur bhailigh cíos agus gur bhris na stailceanna … ar an dóigh gur tháinig an Saorstát ar an tsaol scoth-tamall sular glacadh leis an ainm (Kostick, Revolution in Ireland, lch. 172). Ach, i ndeireadh na dála, luíonn cliseadh na réabhlóide leosan a raibh an fórsa míleata acu agus a sheas ina héadan, sin le rá an Bhreatain agus a maidríní lathaí i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath.  

Nuair a tháinig toghchán an tSaorstáit i 1922, chuaigh na náisiúnaithe Caitliceacha meánaicmeacha i bpáirt leis an charn a bhí fágtha den tsean-pháirtí Redmondite chun chóir a bheith daichead faoin chéad den vóta a fháil. Sna sé chontae, d‘athbhunaigh fostóirí Aontachtacha Thuaidh agus a n-ionadaithe polaitiúla a n-údarás trí gheilleagar Oráiste a ghaibhniú i gcoire an phograim 1920.  I ndiaidh dóibh poblachtachas míleatach a chur díobh gan mórán stró, thug an Saorstát greadadh d’fhórsaí an tsaothair i 1923. Kevin O’Higgins a chuir síos ar an Chlár Daonlathach mar ‘fhilíocht den chuid is mó’ agus é i dtús cadhnaíochta i measc na mbuachaillí poiblí-scoile Caitliceacha a bhí i gceannas ar Pháirtí an Oird, a sheas go daingean le ‘coincheap an dlí a chosaint agus rialtas a ordú, i gcomparáid leis an ainriail’. [Marx, 18th Brumaire] Ar ndóigh, níor chuir O’Higgins síos air féin mar sine ach mar dhuine den “Ochtar ógánach ina seasamh i halla na cathrach i measc fothracha riaracháin amháin gan dúshraith an chéad chinn eile fiú tógtha go fóill agus fir fhiáine ag screadaíl tríd an pholl eochrach le linn an ama ” (Ferriter, Nation not  a Rabble, lch. 268). Is muidne na fir fhiáine inniu, macalla den bheart a rinne O’Higgins nuair a roghnaigh sé an impireacht agus nuair a thréig sé an Phoblacht mar cheannródach de na réabhlóidithe is coimeádaithe ariamh mar a thug sé air féin cé gur beaichte an t-ainm frith-réabhlóidí i gcás s’aige.  

Tharla cúrsaí mar a bhí chan mar gheall nach dtig le toradh éagsúil a bheith ann ach mar gheall go raibh an Bhreatain in ann scar agus treascairt a úsáid lena leas impiriúil féin a chosaint agus ba í an chríochdheighilt nó bunchloch an pholasaí sin. Nuair a bhuail Lloyd George agus de Valera le chéile le linn an tsamhraidh 1921 i ndiaidh an tsos cogaidh agus roimh chainteanna an chonartha, thairg draoi na Breataine Bige stádas tiarnais do 26 chontae don stocach ard. Dúirt de Valera go nglacfadh sé lena leithéid don oileán ar fad nó poblacht do na 26 chontae. Mhaígh Lloyd George, mar sin de, gurbh ionann idirbheartaíocht le Dev agus a bheith ag iarraidh mearcair a thógáil le gabhlóg: Cad chuige nár úsáid sé spúnóg a d’fhreagair De Valera (Ó Tuama, lch 2). Bhí a fhios ag Lloyd George nach raibh bonn cinnte ar bith faoi pholasaí a rialtais cionn is gur cuireadh ceantair ar an taobh oráisteach den teorainn a raibh tromlaigh náisiúnacha iontu go háirithe na spuaiceanna duairce Fhear Manach agus Thír Eoghain mar a thug a chomhghleacaí Churchill orthu. 

I ndiaidh na gcruinnithe le Dev, d’inis Lloyd George go neamhbhalbh dá chomhaireacht nach dtig tuairim an phobail sa Bhreatain a láimhseáil leis an dá chontae sin a choinneáil in “Ulaidh Pholaitiúil”, ach nach mbeadh deacracht ar bith acu a leithéid a dhéanamh dá gclisfí na cainteanna maidir leis an choróin agus impireacht. (7 MF 1921 CAB 23/27/1). Nó mar a deir sé féin go neamhoifigiúil: ‘men will die for Throne and empire. I do not know who will die for Tyrone and Fermanagh’ (Laffan, Partition, lch. 78). An tseachtain dár gcionn, thug se léasadh teanga do Harry Boland ag rá nár bhuail sé riamh le hidirbheartaí chomh crua agus ceanndána is de Valera nach raibh sásta géilleadh ar rud ar bith. Leoga, de réir an Bhreatnaigh nach mór an tragóid don tír nach raibh ceannaire ar bith aici a raibh ‘taithí’ acu. D’admhaigh sé, áfach, go raibh clisteacht acu cinnte, ach gan ‘léaró taithí’ (13 MF 1921, CAB 24/128/150). Mar a dúirt sé féin arís agus arís eile, b’éigean do Lloyd George ceist na teorann a chur ar an leataobh agus béim a leagan ar cheist an himpireachta, rud a rinne sé cionn is gur chuir De Valera Griffith chuig Londain – bómán gur chuma leis faoin tuaisceart nó faoin Phoblacht féin! 

Ba chosúil gur chruthaigh an Conradh féin bealach síochánta chun críoch a chur leis an chríochdheighilt trí Choimisiún na Teorann, nó sin mar a thuig Arthur Griffith an scéal nuair a thit sé faoi gheasa ag Llloyd George agus scríobh le de Valera i mí na Samhna 1921 go bhfaigheadh an Saorstát ‘an chuid is mó de Thír Eoghain, d’Fhear Manach, agus cuid d’Ard Mhacha, agus an Dún,’ sa dóigh is go mbeadh ar aontachtaithe Uladh glacadh le haontú na tíre (8 Samhain 1921, UCDAD, P150/1914/8). Ar a chonlán féin, shínigh Ó Gríofa meabhrán nach mbrisfeadh sé na cainteanna ar cheist Uladh – bhí an beart déanta ag Lloyd George.  I ngan a fhios d’Art, pótaire a chaith na cainteanna báite le fuisce, bhronn Lloyd George cumhachtaí slándála ar rialtas Craig roimh chríoch na comhdhála agus ní raibh sé ar intinn ag an Bhreatain meall créafóige a thabhairt don Deisceart.  An 3 Nollaig, d’fhill na hidirbheartaithe ar Londain óna gcruinniú deiridh le Dev agus comhaireacht na Dála, ‘sásta aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí – cogadh nó gan aon chogadh’, Ó Gríofa le treoracha chun ‘iarracht a dhéanamh an milleán a chur ar Chúige Uladh’. (3 Nollaig, P150/1371/179-82). Ar an 5 Nollaig, ghéill Griffith ar Ulaidh agus shínigh toscaireacht na hÉireann an Conradh gan dul i gcomhairle le Baile Átha Cliath. An lá dár gcionn, dúirt Lloyd George lena chomh-aireacht go dtabharfadh Coimisiún na Teorann ‘níos mó ná mar a chaillfeadh sí’ do rialtas Craig (6 Nollaig 1921, CAB 23/27/17). 

Cé go bhfuil sé doiligh teacht ar tátal cinnte faoi, is cosúil gur chreid Micheal Ó Coileáin go raibh sé ag cuidiú le cúis na Poblachta nuair a shínigh sé a bharántas báis féin sa Chonradh, ach an mhalairt a bhí i gceist agus is deacair a theacht ar chonclúid ar bith eile ach gurbh é an Coilíneach ar na liúdramáin ba mhó i stair na tíre. Bhain Ó Coileáin úsáid as eagraíocht na bhFíníní le tromlach a fháil don Chonradh i ndíospóireachtaí na Dála, ach le linn an ama, chuir sé na gnéithe frith-sheicteacha, cothromaíocha agus frith-impiriúla i dtraidisiún an phoblachtachais de dhroim seoil agus d’eascair bunú an tSaorstáit Chaitlicigh, choimeádaigh agus impiriúil agus daingniú an stáitín oráistigh ó thuaidh. Go deimhin,  ‘i streachailt staire ar bith, ní mór  idirdhealú a dhéanamh idir frásaí na bpáirtithe… a gcoincheapadh orthu féin agus fírinne an scéil’ [Marx, 18th Brumaire] – rinne sé praiseach uafásach de.  

Go bunúsach, shaothraigh Ó Coileáin tacaíocht don chonradh agus ceithre bhuntuiscint lochtacha a scaipeadh aige: 1) thug an conradh an tsaoirse le saoirse a bhaint níos faide anonn, 2) ní thig leis na hÓglaigh leanstan ar aghaidh le ‘cogadh láithreach agus uafásach’ geallta ag LLoyd George, 3) scríobhfadh sé bunreacht poblachtach don tsaorstát nua le comhghuaillíocht Shinn Féin a tharrtháil agus 4) choinneodh sé brú ar rialtas Craig trí fheachtas rúnda na nÓglach i gcomhair leo siúd san IRA nár ghlac leis an chonradh.  

Tá go leor déanta ag John Regan chun dúshlán a thabhairt do léamh stéiréitíopáil na n-athbhreithniúchóirí gurbh ionann Cogadh na gCarad agus comhrac díreach idir daonlathaithe an tSaorstáit agus deachtóirí an IRA (Myth and the Irish State, Dublin, 2013). Go deimhin, d’ordaigh Ó Coileáin do Griffith cead cúlghabhálach a rialtais a bhronnadh ar ‘Chomhairle Cogaidh na dTrí’ nó Richard Mulcahy, Eoin O’Duffy, agus an Coilíneach féin. Ina theannta sin, léirigh an bhéim a leagadh ar chomhfheachtas in éadan na teorann nach an scéal iomlán é gurbh bheag an tábhacht a bhain le ceist na críochdheighilte taobh istigh de ghluaiseacht na poblachta. I bhfírinne, ba ríthábhachtach ceist an tuaiscirt san idirthréimhse ó shínigh an stocach mór an conradh agus d’ionsaigh sé na poblachtaigh. Mar sin féin, fiú sular bhuail an chéad bhlaosc Briotanach na Ceithre Chúirt ar an 28 Meitheamh 1922, ba léir gur thréig Collins, Mulcahy agus Eoin O’Duffy aon dúshlán don Stát Oráiste, cé go raibh siad go fóill i mbun idirbheartaíochta leis an gharastún phoblachtach faoi fheachtas an tuaiscirt rud a léirigh a mearbhall iomlán, a ndúblú smiorúil nó go raibh an dá rud orthu.  

Bhí an toil ag na poblachtaigh, ach ní raibh na hacmhainní acu, i gcas an tSaorstáit na hacmhainní, ach chan an toil. Faoin am a d’ionsaigh sé na Ceithre Chúirt, d’fhag an Coileánach agus GHQ an IRA thuaidh ar an trá fholamh. Tugadh cead don 2ú agus don 3ú Rannóg Thuaidh éirí amach ginearálta a thionscnamh (coicís óna chéile), cé gur ordaigh GHQ d’aonaid ar son an Chonartha ar an taobh ó deas den teorainn suí ar a lámha. Scrios na bearta díoltais agus cur i bhfeidhm an imtheorannaithe an IRA go héifeachtach sna sé chontae.  Faoin 2 Meitheamh, dhiúltaigh na Briotanaigh do bhunreacht poblachtach Uí Choileáin agus bhagair siad go ndéanfaí ionradh ar an deiscirt, mar ‘go raibh an t-am tagtha dóibh rogha a dhéanamh idir De Valera agus an Conradh’. (2 Meitheamh 1922, CAB/23/30). Ghéill Ó Coileáin ar an 13 Meitheamh, go páirteach mar gur bhuamáil an Bhreatain ar fhórsaí measctha poblachtacha agus Saorstáit ag Béal Leice (18 Bealtaine – 3 Meitheamh 1922). Chuir Ó Coileain an comhaontú toghcháin Shinn Féin ar ceal ar an 14 Meitheamh i gCorcaigh, mar gur ghlac sé leis an bhunreacht impiriúil, nár foilsíodh go fóill, cinneadh a mharaigh an comhshocrú Shinn Féin. Chuir rialtas na Breataine cosc ar cheart mhuintir na hÉireann comhrialtas a thoghadh i dtoghchán saor ina raibh páirtithe seachas Sinn Féin ag seasamh. Go bunúsach, bhí an poblachtachas mídhleathach arís, mar a dhearbhaigh Lloyd George, ní raibh Rialtas na Breataine in ann ‘ligean do bhratach na Poblachta eitilt in Éirinn.’ Mura mbeadh Michael Collins in ann déileáil leis, “bheadh ar na Briotanaigh é sin a dhéanamh”.’ Ar an 28 Meitheamh, dhéileáil Ó Coileáin, ceithre lá i ndiaidh do na Briotanaigh a n-ionsaí féin ar na Ceithre Chúirt a chur ar ceal. 

Is ar éigean a bhí corp Uí Choileáin curtha i gcré nuair a ghlan an Saorstát nua na ‘réabhlóidithe, na hathbheochanóirí teanga agus go háirithe na poblachtaigh míleata’ ón rialtas (Regan, The Irish counter-revolution, lch, 259). Dhiúltaigh scothaicme choimeádach an deiscirt beart ar bith a dhéanamh in éadan na críochdheighilte agus nuair a thit Coimisiún na Teorann as a chéile i 1925 ghlac siad leis an teorainn mar a bhí ar mhaithe lena gcuid d’fhiach impiriúil na Breataine a ghlanadh nó mar chuir Dev síos air, dhíol an Saorstát muintir Uladh fá choinne ceithre phunt an chinn. Roimhe sin ar an taobh eile den teorainn, leis an tSaorstát á dhaingniú, rinne siad seach-chogadh ar son na hImpireachta in éadan na bpoblachtach agus radacaigh den lucht oibre. Mar sin de, nuair a dhéanann Tír Eoghain ruathair neamhleithscéalach ar Pháirc an Chrócaigh agus cuma leo sa foc faoi dhearcadh aon duine eile, cuirtear fearg ar chuid mhaith daoine ó dheas mar tá na Fíníní sotalacha neamhghéilliúla seo mar fhianaise nár cuireadh an réabhlóid i gcríoch céad bliain ó shin agus nach mbeidh suaimhneas ceart ar an oileán seo go dtí go gcuirtear.  

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s

%d bloggers like this: