, ,

Máire, Fanon & athghabháil na hÉireann

Tráth amháin, mhol an teoiricí gorm mór le rá, Aimé Césaire, cothromóid nó ‘colonisation = chosification’, sin le rá go n-athraíonn próiseas an choilínithe daoine isteach i rudaí. Is ionann an coilíniú mar sin de agus próiseas a tháirgíonn sochaithe gan dada dúchasach díobh féin, cultúir chloíte, cumainn chreachta, críocha coigistithe, creidimh chéasta, na hEalaíona éagna éignithe, agus, thar aon ní eile, oll-deiseanna dochreidte nach gcomhlíonfaí go deo.[1] Mar réiteach, mhol Césaire  ‘fíor-dhaonnachas sain-dheartha de réir riachtanais an domhain.[2] Nó mar a mhol Franz Fanon, ní mór go mbeadh an struchtúr sóisialta ar fad á athrú ón bhun aníos mar chuid dhílis den díchoilíniú. Is ionann díchoilíniú, mar sin de, agus daonnachas radacach a dhéanfaidh an caipitleachas agus coimhthiú an duine mar aon a threascairt nó  ‘la réhabilitation du monde’, sin le rá, athshlánú an tsaoil.[3] Cloisim féin macalla na smaointe seo i roisc catha Uí Chadhain nó sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge.

Tá sé ar intinn agam anseo amharc ar fhathach eile na hathbheochana ó thaobh an díchoilínithe de nó Máire, Séamus Ó Grianna, cé gur chaill an duine céanna a mhisneach ó thaobh na hathbheochana de agus é i ndeireadh a ré. ‘Sí an téis a bhaineann leis an alt seo nó go seasann glúin na hathbheochana le linn na réabhlóide breis is céad bliain ó shin, iad siúd a d’eascair as pobal na Gaeltachta go háirithe, ag comhtheagmhas fíorthábhachtach nó teacht le chéile na healaíne agus na staire i gcorr cinniúna an díchoilínithe. Nuair a thug an Piarsach dúshlán na glúine seo le litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré s’acu, ba chinnte gur fhreagair an dream seo a dhúshlán: ‘Bogaimis amach ón gcarn aoiligh, ón gcruach mhóna; caithimis uainn salachar na hotrainne; déanaimis iarracht ar anam agus ar intinn Ghael a chur i dtuiscint dá chéile agus don domhan mór.’[4] Go dearfa, bhog siad ar shiúl ón Fhiannaíocht 7rl agus scríobh litríocht nua a phléigh ‘leis an tsaol chomhaimseartha in Éirinn agus thar lear agus nach mbaineann go dlúth le meon, seanchas agus seansaol na Gaeltachta’. Nó mar a mhaígh Máire féin, ‘gur mhithid dúinn iarraidh a thabhairt scéaltaí a scríobh a léifí mar mhaithe le scéaltaí agus chan a bheith choíche ag smaoineamh ar ghramadach, ar chóra cainte agus ar dhántaí nach raibh iontu ach fuaimeannaí.’[5]

Ach, i bhfírinne, níor bhriseadh nó claochlú a bhí i gceist anseo ach próiseas. Iad siúd a mhair i bpobal na teanga agus a d’eascair as sruthán béaloidis agus chultúir na nGael, tharraing siad taoscadh ón tobar nár truaillíodh go hiomlán mar chuid den choilíneachas agus iad i mbun pinn. Tugann Gearóid Denvir meon neamh-choilínithe na nGael air seo agus é ag trácht ar litríocht na nGael roimh an Ghorta Mhór.[6]  Tháinig Máire é féin i méadaíocht ar thulach i ndiaidh na tuile (nó i Rann na Feirste dhá ghlúin i ndiaidh an drochshaoil) agus ó cheann ceann cultúir agus seoid ársa na nGael ina luí basctha báite ar an tuilemhá faoi uisce taobh thoir de, sin le rá sa Ghalltacht, formhór na tíre ar thit an coilíniú go h-iomlán air mar a bheas pluid dóiteáin ag múchadh tine agus splanc shibhialtacht dár sinsir. D’iompair Máire féin an saibhreas Gaeilge, scéalaíocht agus amhránaíocht seo a mhair tirim ar na tulacha isteach sa scríbhneoireacht s’aige. De réir mar a thug sé aghaidh ar nua-litríocht na Gaeilge a scríobh, chan fiú amháin gur tharraing sé as tobar fíorghlan na Gaeilge, ach d’fhigh sé meon an phobail féin isteach leis an nua-aoiseachas. Ach, dialachtaic a bhí ann idir idé-eolaíocht dhúchasach na nDálach agus idé-eolaíocht sheachtrach na hathbheochana agus an Phiarsaigh.[7] Ina theannta sin, ní raibh sa mhéid a bhí déanta ag Máire agus a ghlúin, cé gur mór a n-éacht, ach iompú eile ar thimthriall na staire. Léiríonn Vincent Morely go mion atriall níos luaithe den phróiseas chéanna le linn aimsir na nÉireannach Aontaithe.[8] Ach próiseas a bhí ann a rith mar shruthán fite fuaite trí phróiseas níos leithne arís nó an coilíneachas féin.

Faoin am a thug Máire aghaidh ar an litríocht, bhí an Ghaeilge féin in arraingeacha an bháis. Thig leat a rá go bhfuil sí ar mheaisín tacaíocht bheatha faoi láthair. Ach in ainneoin sin, bhí réabhlóid ag titim amach agus Gaeilgeoirí [chan muintir na Gaeltachta] i dtús cadhnaíochta inti. Mar aon le go leor tíortha eile a ndearnadh cos ar bolg orthu, d’aimsigh lucht na réabhlóide iarsmaí an chultúir réamh-choilínigh mar chlaíomh solais in éadan dhorchadas an choilíneachais stairiúla agus reatha. D’aithin siad an ról ríthábhachtach a d’imir an t-impiriúlachas cultúrtha ina ndaorsmacht féin. An Piarsach a bhunaigh Naomh Éanna, ach mar mhúinteoir é féin, d’aithin Máire mí-úsáid an oideachais mar chleachtas bunaithe an impiriúlachais. Ba léir gur fhorbair an stát coilíneach cleachtas in Éirinn a chuirfí i bhfeidhm fud fad na cruinne. Baineadh úsáid as an fhriotal chéanna in achan cearn den Impireacht le misean agus mian na múinteoireachta a mhíniú. Agus é ag trácht ar a oideachas féin, scríobh Máire go mbíodh ‘sé creidte agam nárbh fhiú dadaidh an eagnaíocht a bhí ag fealsaimh an tseansaoil le taobh na heagnaíochta a bhi ag Bacon agus ag Macaulay.’[9] Leoga, agus é ag dearadh córas oideachais san India, mhaígh Thomas Babington Macauley féin: ‘A single shelf of a good European library was worth the whole native literature of India and Arabia.’[10]

Ach, ar ámharaí an tsaoil, thíos faoin mhórtas mhailíseach seo, mhair meon an phobail mar fhoinse íochtaránach na tuigbheála malartaí. Sheas Máire mar urlabhraí an tseanchais seo – friotal nua-aoiseach a chuir sé ar ghrá idéalach rómánsach a mhuintire, ar a hidéalachas, ar a gcreideamh nádúrtha spioradálta agus snigh sé na téada seo tríd idé-eolaíocht cheannairí Éirí Amach na Cásca 1916. Thar aon ní eile, chuir sé friotal ar an tsintéis seo in san ‘Ghaeilge dhúchasach shaibhir sin a raibh máistreacht aige ar a láimhdeachas i rith a shaoil. An saol is fearr a fhóireann dó mar scríbhneoir, tiocfaidh sé air sin i measc mhuintir na Gaeltachta a bhfuil na seacht n-aithne aige orthu – a stair, a seanchas agus a saol laethúil.’[11]

D’aimsigh Edward Said trí chéim i bhforbairt na hidé-eolaíochta naisiúnaí faoi impiriúlachas: an náisiúntacht, an náisiúnachas agus an dúchasachas. Is mór an trua gur roghnaíodh “dúchasachas” mar aistriúchán ar an tríú ceann nó ‘nativism’. B’fhearr i bhfad ‘seobhaineachas’ a úsáid, dar liom.[12] Ba cheart d’achan phobal a fhéiniúlacht féin a aimsiú mar dhóigh le dúshlán an choilíneachais a thabhairt – seo an náisiúntacht, de ghnáth, leanann seo i dtreo gluaiseachta polaitiúla amhail an t-aistear ó Chonradh na Gaeilge go dtí na hÓglaigh i gcas an Phiarsaigh mar shampla. B’ansin a tháinig an seobhaineachas i réim nó an bhuirgéiseacht náisiúnach mar thug Fanon orthu. D’fhágfaí Máire féin i ngéibheann faoi riail na Seoiníní seobhaineacha seo agus an fhrithréabhlóid curtha ar bun ag lucht an tSaorstáit.

Ina theannta sin, áfach, thig linn fosta an chéad chéim i bpróiseas Said agus Fanon a aimsiú go soiléir i saothar Mháire nó dearbhú gurbh fhiú an eagnaíocht a bhí ag fealsamh an tseansaoil. Leoga, bhí Máire féin in ann tarraingt as foinsí doimhne na heagnaíochta céanna. Ina theannta sin, d’fhéadfaí criticeas neamhbhalbh a fheiceáil maidir le dlisteanacht impireacht na Breataine i gcéin is i gcóngar. Ba léir fosta gur imir cúrsaí polaitiúla tionchar nach beag ar scríbhneoireacht Mhaire ar ndóigh agus gluaiseacht na poblachta faoi thrácht aige. Pléifidh an t-alt seo leis an dóigh ar léirigh Máire an cónasc idir meon neamh-choilínithe na nGael agus náisiúntacht a ré agus an dóigh a dtáinig an dá shruthán i gcumar ins san leabhar gairid s’aige nó Feara Fáil (BÁC, 1933).

Baineann Feara Fáil le fir a sheas ar son saoirse iomlán na tíre agus a léirigh laochas le linn an ama. Mar is dual dó, thoisigh Máire le Cú Chulainn agus le Ré Órga na nGael agus caibidlí scríofa ar Phádraig agus ar Cholm Cille aige chomh maith. Ansin, pléann an leabhar le teacht na nGall, an concas Normannach agus aiséirí na nGael faoin Bhrúsach. Ach mar gheall ar an alt seo, ‘sé croí-ábhar an leabhair nó Clann Uí Néill (Seán, Aodh Mór agus Eoghan Ruadh) agus ré an choilíneachais. Is suimiúil ar fad an chuid seo den leabhar mar gheall go ndéanann Máire trácht ar an tréimhse chinniúnach seo agus súil siar aige ar an tseanchas, ach meon na hathbheochana agus na réabhlóide le braistint ag an am chéanna ins san mhéid atá scríofa aige. Críochnaíonn an leabhar leis na poblachtaigh den nua-aois. Bíonn leanúnachas le braistint i stair na tíre agus tuile agus trá ag titim amach i meon ‘s meanma na nGael, thuas seal – thíos seal ach splanc na saoirse ann go deo. Críochnaíonn Máire le caibidil ar an Phiarsach féin a chuimsíonn dearcadh s’aige ó thaobh stair na hÉireann de:

Is iomaí uair a shílfeadh nach raibh fágtha ach luaith is aibhleogaí dóite, ach bhí an druithleog ansin ar fad… ach bhí sé chóir a bheith as nuair a tháinig an Piarsach i gcrann. Agus cé bith a d’eirigh leis ná nár éirigh leis a dhéanamh, rinne sé rud amháin ar scor ar bith, shéid sé an druithleog agus dhearg sé an tine arís (Máire, 1933:126).

Anseo, feicimid an choimhlint reatha idir teamparáltas an choilíneachais agus coincheapú dúchasach na staire. Baineann an -t-impiriúlachas tairbhe as a teamparáltas féin, le cuimhne na coire a rinne sé a cheilt agus staireolaíocht an Iarthair ina cuid dhílis den phróiseas chéanna.[13]

San anailís a rinne sé ar an chos ar bolg ciníoch-choilíneach agus ar an dídhaonnú a bhaineann leis, fiosraíonn Fanon an dóigh a bhfuil coincheap ciníoch den ‘dúchasach’ íochtarach suite i dteamparáltas ar leith a shánn an dúchasach i ngaiste nó folús ‘gan chultúr, gan tsibhialtacht gan stair fhada.’ [14] Maidir le síceolaíocht an chiníochais choilínigh, léiríonn Fanon an dóigh a dtugann teamparáltas an Iarthair tús áite don am i láthair roimh an am chuaigh thart, rud a chuireann an duine ‘eile’ nó an dúchasach faoi cheilt cionn is go mbriseann sé an slabhra idir pobal na ndúchasach agus a stair agus a chuimhne, rud a shéanann suibiachtúlacht an dúchasaigh.

Os a choinne sin, diúltaíonn an coilíneach tráma an phobal dhúchasaigh agus an foréigean struchturtha a mhaireann san am i láthair mar gheall air a aithint. Ina theannta sin, má dhéanann an dúchasach dearmad, déanann sé inmheánú ar an léiriú ciníoch de féin – ritheann an Seoinín agus an slíbhín liom anseo. Eascraíonn an ‘coimpléasc ísleachta’ seo as próiseas dúbailte: ar dtús titeann sé amach go hábhartha idir gheilleagar agus chogaíocht ach, ina dhiaidh sin, tagann inmheánú ar an mhothú ísleachta seo i measc na ndúchasach féin.[15] Cuireann an t-am atá caite ‘geimhle síceolaíocha’ ar an dúchasach – té a mhaireann gafa i ngéibheann an tráma neamhréitithe. Mar sin de, ceanglaíonn oidhreacht an tráma choilínigh an stair, an t-am i láthair agus an todhchaí le chéile. Ní réitíonn an cumasc seo le scéim teamparálta an Iarthair, áfach ach, is é seo díreach an rud atá le feiceáil i bhFeara Fáil – seangháir chatairseach an dúchasaigh nár ghéill roimh a ‘eilearánú’ féin!

Rud eile atá thar a bheith suimiúil faoi Fheara Fáil nó nach mbaineann sé le Tír Chonaill cé go ndearnadh go leor tráchta ar Aodh Rua Ó Domhnall agus ar Cholmcille ar ndóighe. Díríonn Máire a aird, den chuid is mó, ar stair na Niallach. Ar ndóighe, chaith sé seal gairid ag múinteoireacht sa chontae úd ach b’fhairsing agus ba mhór an t-eolas agus an tuigbheáil a léirigh sé ar sheanchas agus ar stair an tsleachta uasail sin. Leoga, níor foilsíodh leabhar Uí Fhaoláin ar Aodh Mór Ó Néill go dtí 1942. Ba dhócha go mbíodh cliseadh na nGael ag Cionn tSáile agus Imeacht na Iarlaí ina dhiaidh chomh suntasach sin gur fhág na himeachtaí lorg ar sheanchas agus ar bhéaloideas na nGael fud fad na hÉireann roimh an Ghorta, ar ndóighe, ach déanann Máire tagairt d’fhoinse eolais an-shuimiúil ina dhírbheathaisnéis, Saol Corrach (1945). Agus é mar mhúinteoir i gCill Scíre, chas Máire ar Tharlach Ó Néill nó ‘an Gobán’ – cainteoir dúchais as Muintir Luinigh nó Gaeltacht Thír Eoghain sna Spéiríní. Agus é ag déanamh comhrá leis an Ghobán, léiríonn Máire a mheas dá sheanchas agus den stair a bhain lena mhuintir.

Casadh an Gobán cupla uair orm agus dar liom go raibh uchtach aige fosta. Caithfidh mé a aidmheáil anois go gcuireadh sé cineál de dhraíocht orm nár chuir aon duine eile riamh roimhe orm. Oíche acu seo thug sé leis siar mé go dtí an t-am a raibh clann Néill i dtreis i dTír Eoghain. Thiocfadh leis an draíocht sin a chur orm agus é creidte agam san [am] chéanna go raibh sé ar meisce, agus boc mearaidh air lena chois sin. Bhí lúcháir orm gur i dTír Eoghain a bhí mé. B’fhearr liom Tír Eoghain an oíche seo ná Tír Chonaill. Chonacthas domh gur mhó agus gurbh uaisle agus gurbh éifeachtaí Niallaigh Thír Eoghain ná Dálaigh Thír Conaill. Ní lá Feise Chill Scíre a bhí ag tarraingt orm ar chor ar bith ach lá oirirc an Átha Buí, nó lá bródúil na Binne Boirbe. Nó lá sin ag Cluain Tiobrad nuair a bhí Seagrave ar lár agus marcshlua Aodha Mhóir ag teacht anuas ar na Sasanaigh mar a bheadh tonn an bharra ann… Ní thug mé mórán teagaisc do na scoláirí an tseachtain sin. Ní raibh rud ar bith i mo cheann ach lá na Feise. Agus b’fhada liom an t-am go dtí an Domhnach agus ‘go dtaradh Clanna Néill eadar chlaidheamh agus each’.[16]

Ní nach ionadh mar sin de go raibh an méid seo le tuairisc ag na Péas díreach i ndiaidh Éirí Amach na Cásca i dTír Eoghain

perhaps in no other county in Ireland had stronger or more insidious influences been at work than in this county, since the outbreak of the War, to undermine the loyalty of the people and spread the insurrectionary movement. A principal reason why strenuous efforts were made to form this county into a centre of disaffection was the historic associations of Tyrone. It was the county of the O’Neills … so long the irreconcilable opponents of British rule in Ireland.[17]

Mar a bheas le feiceáil níos faide anonn, mhair an seanchas nó stair íochtaránach seo fiú i ndiaidh éag na teanga féin i measc chosmhuintir Thír Eoghain cé gur cailleadh an saibhreas agus doimhneacht na sibhialtachta a mhair ar thulacha na Gaeltachta (na Speiríní i dTír Eoghain ina theannta go dtí go mall san fhichiú aois). Ach arís eile, sheas comhrá na nDúchasach i Saol Corrach ag cumar idir dhá shruth na smaointeoireachta, seanchas neamh-choilínithe na nGael agus náisiúntacht na nua-aoise. Agus an Chéad Chogadh Domhanda ar thí toiseacht, bhuail Máire leis an Ghobán arís.  Ba é léamh an ghobáin ar an chogadh nó: ‘Sasain, nach í is cúis de? Nach ar chogadh san Eoraip atá sí beo? Sin an saol atá i ndán d’Impireacht na Sasana, go dtí an lá a bheas síocháin san Eoraip.’ Ansin, rinne sé trácht ar nádúr na himpireachta 

Ó, dá hainneoin riamh a chuaigh Sasain chun cogaidh. Ní raibh neart aici air. Sin an chinniúint chruaidh a bhí i ndán di. An solas a lasadh sa dorchadas. Treabha garbha fiáine a thabhairt chun creidimh. Ach ní raibh neart air sin aici. Ní raibh sa mhaoin ach taisme. Chan ar mhaithe le maoin ná saibhreas a tháinig sé go hÉirinn, nó a chuaigh sé chun na hIndia nó na hÉigipte. Ní hea ar chor ar bith ach de gheall ar Dhia… rinne tíortha láidre eile slad is creach ar an laige amanna,’ ar seisean, ag cur dealán ar a phíopa, ‘ach níor thug aon cheann acu iarraidh a chur i gcéill ach Sasain gur ag comhlíonadh aitheanta Dé a bhí siad.’

Thig linn braistint a dhéanamh gur fhoclaí Mháire i mbéal an ghobáin a bhí ann, ar ndóighe, ach níl aon amhras ann go bhfuil an daonnachas agus an frith-impiriúlachas de nua-aois mar aon le meon an idirnáisiúntachais le léamh sa mhéid thuas scríofa. Ina theannta sin, lean an gobán ar aghaidh agus rinne trácht ar anailís an díchoilínithe a bheas le feiceáil níos faide anonn i saothar Césaire nó Fanon.

‘Agus an chuid is measa de, an dóigh ar éirigh léi a chur in iúl don mhuintir a chuir sé faoi smacht gur lena leas a bhí sí’.

 ‘Déanamh go bhfuil déanta ag muintir na hÉireann?’ ar mise.

‘Ag an mhórchuid acu, faraor,’ ar seisean. ‘Níl mé ag caint anois ar an mhuintir bhuí  – sliocht an ghadaí a tháinig i dtír ar an chreach – ach cuid dár muintir féin. Daoine a shíolraigh ó ghéaga glandaite Néill Fhrasaigh, agus tá siad chomh truaillithe sin ag an daorsmacht is go sileann siad gurb í Sasain réalt eolais an domhain. Nach millteanach an mearadh atá ar mhac Gaeil ar bith a bhfuil an dearcadh sin aige?’

Is fada uaim é ar seisean ‘is é mo chreideamhsa, má tá ionadaí ar bith ar an tsaol ag an diabhal (agus tá) gurb é impireacht na Sasana é.’[18]

‘Sé seo an méid bhí le scríobh ag Fanon agus é ag déanamh tracht ar choilíneachas na Fraince:

Every colonized people – in other words, every people in whose soul an inferiority complex has been created by the death and burial of its local cultural originality – finds itself face to face with the language of the civilizing nation; that is, with the culture of the mother country. The colonized is elevated above his jungle status in proportion to his adoption of the mother country’s cultural standards.[19]

Críochnaíonn an comhrá idir an bheirt Dhúchasach le sliocht truacánta nuair a dhéanann Máire iarracht ar an Ghobán a sheachaint cionn is go bhfuil sé ar meisce ach nuair a labhraíonn an Gobán leis, ar seisean

Bhí mé ag an fheis… agus b’éigean domh imeacht. Ni thiocfadh le mo chuid fola a sheasamh. Fear amháin ag inse dúinn go gcuirfeadh na Gearmánaigh deireadh leis an Ghaeilge in Éirinn dá bhfaigheadh siad treis. É a rá i mBéarla i dTír Eoghain, cionn is nach dtuigfí i nGaeilge é, ar an ábhar gur mharbh Sasain í…tá sé chomh soiléir le grian an tsamhraidh. Nílimid féin láidir go leor le treis a bhaint de Shasain fad is nach bhfuil sí i gcogadh le ríochta neartmhar. Ach am ar bith dá ndéanfadh a leithéid de ríocht ionsaí uirthi ba cheart dúinne a bheith de léim uirthi san am chéanna’…d’imigh sé agus é ag gabhail ceoil. Amhrán de chuid Thír Eoghain a tharraing sé air agus chonacthas domh go raibh doimhne na síoraíochta sa bhrón agus sa chumha a bhí ann.[20]

Amharcfaidh an chéad chuid eile den alt seo ar an dóigh a léiríonn na caibidlí d’Fheara Fáil dioscúrsa díchoilíneach atá sainiúil de stair na hÉireann ach a ritheann leis na gnéithe céanna a fheictear in achan cearn den chruinne. Léireoidh gur chloígh Máire leis an fhírinne oibiachtúil, sin le rá, le critéar na staireolaíochta nua-aoisí ach gur bhain sé úsáid as an chreatlach seo le seanchas nó stair íochtaránach na nGael a scríobh. Ar an dóigh seo, d’fheadfaí a argóint go seasann an leabhar mar iarraidh a rinneadh i bpróiseas díchoilínithe na hÉireann nach dtáinig rath go fóill air, faraor.


[1] Aimé Césaire, Discours sur le colonialisme (Páras, 1955), lgh 12-15.

[2] Fíor-dhaonnachas a rinneadh do thomhas an domhain (Ibid, lch. 36).

[3] Franz Fanon, The Wretched of the Earth (Nua-Eabhrac, 1963), lch. 106.

[4] Philip O’Leary, “Seanchuidhthe, Séadna, Sheehan, and the ‘Zeitgeist’: Folklore and Folklife in Gaelic Fiction of the Early Revival.” Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, vol. 9, 1989, lch. 56.

[5] Nollaig Mac Congail ‘Réamhrá’ i Máire, Mo Dhá Róisín (Coiscéim, 2010), lch. vii.

[6] Gearóid Denvir, ‘Decolonizing the Mind: Language and Literature in Ireland’, New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, 1, 1, 1997, lgh. 44–68.

[7] George Rudé, Ideology and Popular Protest (London, 1980), passim.

[8] Vincent Morely, The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland (Corcaigh, 2017), lgh 186-190.

[9] Séamus Ó Grianna, Saol Corrach, 1945 (Corcaigh, 1981), lch. 18.

[10] William Hunter, The Indian Musalmans (Londain, 1871), Lch. 91.

[11] Nollaig Mac Congail ‘Réamhrá’ i Máire, Mo Dhá Róisín (Coiscéim, 2010), lch. xxvi.

[12] Edward Said, Culture and Imperialism (Londain, 1993), lgh. 275-8.

[13] Hunfeld, K. (2022). The coloniality of time in the global justice debate: de-centring Western linear temporality. Journal of Global Ethics18(1), 100–117.

[14] Aistriúchán an údair ar Franz Fanon, Black Skin, White Mask (Pluto, 1986), lch. 34.

[15] Fanon, lch. 13.

[16] Máire, Saol Corrach, Lch. 74.

[17] F. X. Martin, ‘The McCartan Documents, 1916’ in Clogher Record, 6, 1 (1966), lch. 5.

[18] Ó Grianna, Saol Corrach, Lgh 71-2.

[19] Fanon, lch. 18.

[20] Máire, Saol Corrach, Lgh 78-9.

Leave a comment

Comments (

0

)