,

Stailc Chomhairle na nOibrithe Uladh: 50 bliain níos faide anonn

An chéad uair eile a amharcann tú ar íomhá de Shéamaisín Ó Briosáin agus é ag cur is ag cúiteamh ar araid rothaí nó ar ardán i Halla Oráiste beag lán le smúit faoin tuath os comhair cúpla céad pinséir lán le fuath, bíodh machnamh agat ar an dóigh ar fhág tuathghríosóirí ar nós Paisley agus Bill Craig an Tuaisceart ina anchaoi leathchéad bliain ó shin gan taise gan trua. Frithradadh an ndílseoirí ar tugadh ag an am air. Nuair a thug Harold Wilson ‘súmairí’ ar aontachtaithe an Tuaiscirt agus nuair a sheas na súmairí uile a lámha faoi ascaillí a chéile go daingean dúthrachtach in éadan a stáit féin, polaiteoirí aontachtacha uillinn ar uillinn leis na dílseoirí paraimíleata le rialtas nua cumhachtroinnte an Tuaiscirt a choinneáil ina ghiall agus comhaontú Sunningdale a threascairt. Leathchéad bliain ó shin a tharla seo agus an taontachtas a léiriú roimh an domhan mór mar idé-eolaíocht den dúdheis. Cé gurbh cithréimeach agus callánach an ceiliúradh i measc chlann Carson nuair a thit Sunningdale – glothar an bháis a bhí ann i bhfírinne mar ní fheicfí nó ní bheadh a leithéid arís ann!

D’eascair an frithradadh amach as an fheall a rinne Rialtas Coimeádach faoi Ted Heath ar mhuintir an tuaiscirt, dar leis an dílseoirí, nuair a chuir sé an pharlaimint Phrotastúnach ar son muintire Protastúnaí ar fionraí i Márta 1972. Chuir na Tóraithe Riail Dhíreach i bhfeidhm ag deireidh na míosa sin nauir a dhiúltaigh an rialtas Oráisteach le haistriú cumhachtaí slándála go Westminster. Roimhe sin, thug Heath agus Maudling cead cinn don rialtas aontachtach Arm na Breataine a úsáid le smacht a chur ar chúrsaí ó thuaidh. Seachas sin, chuir na fir buí lasair sa bharrach agus chruthaigh ceannairc i measc an phobal náisiúnaigh – an lucht oibre sna geiteonna Caitliceacha i mBéal feirste agus i nDoire ach go háirithe.  Dá n-amhracfá go mion ar an achar seo, gheofá liosta chomh fada le do sciathán ann ó thaobh ainghníomhartha Arm na Breataine de: cuirfiú na bhFál, imtheorannú, Ár Bhaile Uí Mhurchú, Buama Mhic Oirc, céasadh córasach agus ar ndóigh, Domhnach na Fola, an dlaoi mhullaigh ar an rud go léir. Agus Vitneam beag cruthaithe ag Heath, b’éigean dó smacht a chur ar choilíneacht dheiridh na Breataine arís.

Idir Meitheamh agus Iúil 1972, d’fhógair na Sealadaigh sos cogaidh agus d’fhreastail toscaireacht ar chainteanna i Londain, Adams agus McGuinness san áireamh. Níor ghéill an Bhreatain rompu ar ndóigh agus dar leis an staraí aontachtach fónta, Jonathan Bardon, ‘chaill na Sealadaigh an deis ab fhearr a bhí acu le scór bliain chun téarmaí a fháil a chuideodh lena muintir féin. Thug a bhfeachtas buamála neamhthrócaireach [nuair a chlis an sos cogaidh) deis don SDLP stop a chur lena bpolasaí neamhthorthúil féin nó an staonadh (Bardon, A History of Ulster). Tubaiste bholscaireachta agus tragóid dhaonna a bhí in Aoine na Fola (21 Iúil) an samhradh sin a thug leithscéal don Bhreatain na baracáidí a ghlanadh i nDoire agus i mBéal Feirste mar chuid d’oibríocht Motorman –  an slógadh is mó a rinne Arm na Breataine ó bhí Géarchéim Shuais ann i 1956. Leis an lámh eile, rinne an Bhreatain iarracht ar pholaitíocht an láir a mhealladh chun réitigh. Ach thar aon ní eile, scanraigh na cainteanna seo an cac as na haontachtaithe agus ráflaí gan bhonn á scaipeadh ina loscadh sléibhe go raibh an Bhreatain ar tí tarraingt amach.

Mar gheall go raibh imtheorannú go fóill i bhfeidhm, rinne an SDLP baghcat ar chomhdháil Darlington 1972, a reáchtáil an Státrúnaí, Willie Whitelaw, le ‘todhchaí Thuaisceart Éireann’ a phlé. Tháinig páipéar amach as an phróiseas (30 Deireadh Fómhair 1972) a mhol gur ‘cheart fíor-rannpháirtíocht a bheith ann trí sciar a thabhairt do leasanna mionlaigh i … gcumhacht feidhmiúcháin an tuaiscirt.” Dúradh fosta gur cheart  “mianta Thuaisceart Éireann agus na Breataine Móire’ a bheith “inghlactha agus glactha ag Poblacht na hÉireann.” Aontaíodh ar cheithre rud ar leith mar chuid de, mar sin de, nó go dtoghfaí comhaltaí an Tionóil tríd ionadíocht chionmhar, go mbeadh baill an Fheidhmeannais ó pháirtithe polaitíochta aontachtacha agus náisiúnacha araon cé go mbeadh an comhrialtas “deonach”; go mbeadh diminsean na hÉireann ann nó Comhairle na hÉireann chun saincheisteanna a bhaineann leis an dá chuid den oileán a phlé; agus go gcoinneodh rialtas na Breataine greim ar chumhacht na slándála agus ar chúrsaí dlí sa mheántréimhse ar a laghad. Ar 20 Márta 1973, d’eisigh rialtas na Breataine Páipéar Bán, agus ritheadh An Bille um Thionól Thuaisceart Éireann ar 3 Bealtaine 1973. Fá 28 Meitheamh 1973, thit toghcháin don Tionól nua cumhachtroinnte amach.

Tháinig scoilt eile i measc an Pháirtí Aontachtaigh nuair a d’aontaigh an ceannaire Brian Faulkner dul sa tseans agus cumhacht a roinnt leis an SDLP. Ar an taobh eile den pháirtí, sheas Harry West go dubh in éadan an chomhréitigh. Ba léir gur imir feachtas na nÓglach tionchar ar an pholarú seo. Scríobh an staraí T. W. Moody nach ndearna na dílseoirí agus aontachtaithe níos antoiscí idirdhealú ar bith idir an pobal Caitliceach agus an tIRA fá 1971. Sheas West le Bill Craig (a bhunaigh páirtí faisisteach nó Urgharda i ndiaidh dó an seanpháirtí aontachtach a fhágáil) agus Ian Paisley a d’imir ról Eoin Baiste ag bagairt faoi aiséirí na bhfíníní  ar imeall na polaitíochta go dtí gur tháinig tuar lena thairngreacht go páirteach trína ghníomhartha féin i 1969. Mhaígh Paisley ag an am nach raibh Caitlicigh ag iarraidh a bheith páirteach i rialtas Thuaisceart Éireann ach go scriosfaí Tuaisceart Éireann, agus go mbeadh Éire Aontaithe acu. Fiú dá mbeadh siad le dul isteach i rialtas, níl ann ach go dtí go dtiocfadh leo an rialtas agus an stát a scrios (1973). Bhunaigh an triúr mór le rá seo grúpa nua le seasamh in éadan na cumhachtroinnte nó Comhairle Aontaithe na nAontachtaithe Uladh (UUUC) – an rud is lú atá de dhíth ar scoláire na staire nó acrainm eile sa chás seo! Chiallaigh seo go raibh an UUP scoilte agus ceannaireacht s’acu ar son an fheidhmeannais cumhachtroinnte ach a mbord stiúrtha an UUC ar tí á dhiúltú, chuaigh cuid den UUP agus UUC i gcomhair leis an DUP agus Urgharda leis an UUUC a bhunú mar sin de! Ach ar ndóigh, bheadh ról nach beag le himirt ag an UDA (a raibh an UFF ag feidhmiú mar scuaid báis s’acu) agus an UVF san fhreasúra seo fosta! Bhain na grúpaí seo 31.8% den vóta amach sa toghchán don tionól ar 28 Meitheamh 1973.

In ainneoin na comhghuaillíochta a thug aghaidh ar Faulkner a threascairt, bhain an sciathán s’aige den pháirtí s’aige 25.3% den vóta. Amhránaí an tSaoil, thug Alliance tarrtháil ar Faulkner. Bunaíodh Alliance, a raibh Oliver Napier mar cheannaire acu, ar 21 Aibreán 1970 leis an aontachtachas measartha neamhsheicteach a mhol Tarlach Ó Neill a chur chun cinn. Thug Brian Feeney “An Páirtí NIO” orthu cionn is gur lig siad orthu go dtig leis an Tuaisceart a bheith mar áit ar bith eile sa Bhreatain murach an diabhal creidimh – díreach an finscéal a scaip an Bhreatain féin faoin tuaisceart le linn an ama de réir mar a chuir a bhfeachtas míleata is fadtéarmaí i bhfeidhm ariamh san áit! Bhain siadsan giota níos lú ná 10% agus níor a cuireadh an uimhir seo le suíochán Faulkner, ba léir go raibh tromlach de shaghas éigin de dhaoine ar thug aontachtach orthu féin ar son cumhachtroinnte. An fhadhb a bhí ann, áfach, nó nár bhain an comhshocrú seo le feidhmeannas cumhachtroinnte amháin, bheadh a bhealach le déanamh trí dhiminsean nó gné na hÉireann ag Faulkner fosta.

Ar an taobh eile den teorainn, bhíodh ceist an tuaiscirt iontach ciotach ar fad do bhunaíocht Bhaile Átha Cliath. Idir 1969 agus Domhnach na Fola, bhí tuairim na ndaoine ó dheas go mór ar son phobal náisiúnach ach an tuaiscirt agus ba cinnte go mbíodh débhríocht ann maidir le tacaíocht na ndaoine do na Sealadaigh fiú.  Rinne Aoine na Fola agus fírinne na cogaíochta dochar do chlú na Sealadach ó dheas ach ní dhearna sé mórán dochair don tacaíocht a bhí ann i measc na ndaoine ar son Éire Aontaithe. Fiú ag an phointe is ísle dá gcuid tacaíochta i 1978, chonacthas i bpobalbhreith go raibh 75% de mhuintir an deiscirt i bhfabhar aistarraingt trúpaí na Breataine ó Tuaisceart, 65% i bhfabhar Alt 2 & 3 den bhunreacht, agus gan ach 2% i bhfabhar fheachtas an IRA Shealadaigh. Tháinig Comhrialtas Fhine Gael/Pháirtí an Lucht Oibre i gcumhacht i Márta 1973. Cé gur labhair siad faoi Éire Aontaithe go poiblí lena gcosmhuintir a shásamh, ba léir go raibh meon na críochdheighilte le braistint go smior sa cheachtar acu.  Léiríonn cáipéisí rialtas BÁC nach raibh suim de laghad acu in athaontú na tíre. I bhfirinne í raibh cuid mhaith de na hairí sásta comhoibriú teoranta a dhéanamh le Béal Feirste maidir le hiascaireacht, turasóireacht agus iarnróid. Ba e an chloch ba mhó ar a bpaidrín ná siombalachas Thuaidh-Theas le go dtig leis an mhionlach sa Tuaisceart faoi choimirce an SDLP glacadh leis an chríochdheighilt, rud a ligfeadh do Bhaile Átha Cliath glacadh leis an tsocrú nua agus doras na hiaróige a dhruidim go daingean docht.  Ní raibh i Sunningdale dar leo ach bealach chun athmhuintearas a chur chun cinn ar an dá chuid den oileán ar chosán a shíneodh i bhfad uainn gan cruth nó clár ama a scríobh i gcloch (Meabhrán Chomhairle na hÉireann, 16 Aibreán 1973, Cartlann Naisiúnta na hÉireann [CNÉ], Roinn an Taoisigh [RT] 2004/21/2). Mar a scríobh an tAire um Chúrsaí Eachtracha Gearóid Mac Gearailt, ba í an chuma ar an scéal go raibh an ‘chríochdheighilt’ i ndiaidh fréamhacha an-domhain a chur in ithir na Poblachta.’ Fá 1974, ba léir do rialtas Theach Laighin nár cheart go mbeadh Comhairle na hÉireann ach ina hinstitiúid shiombalach gan mórán cumhachtaí suntasacha aici’. (McDaid, lch. 297)

Nuair a bhuail rialtais Heath agus Cosgrave ag Sunningdale i mBerkshire Shasana leis an Chommuniqué Sunningdale a shíniú, ba léir do chách nach mbeadh i gComhairle na hÉireann ach cartlann cainte. Tuigeadh nach go dtig le Comhairle na nAirí, agus seacht n-aire ón dá rialtas uirthi ach “ról comhairliúcháin” agus beartas comhoiriúnaithe a bheith aici. Ní bheadh in san Tionól Comhairleach (30 TD Dáil Éireann agus 30 comhalta den Tionól) “feidhmeanna comhairleacha agus athbhreithnithe” a chur i bhfeidhm. Síníodh “Comhaontú Sunningdale” ar an 9 Nollaig ar an dóigh go mbeadh na saoire acu leis an phróiseas a leabú isteach. Bhí an SDLP agus Páirtí Faulkner idir dhá thine Bhealtaine áfach. B’éigean don SDLP cur i gcéill nach sop in áit na scuaibe a bhí sa Chomhairle mar ba mhaith leo a léiriú don phobal náisiúnach go dtig leis an chosán bhunreachtúil níos mó maitheasa agus dul chun cinn a dhéanamh ná streachailt armtha na nÓglach. Bheadh sé chomh maith agat a rá gurbh é John Hume mar cheannaire acu cé go raibh Gerry Fitt go fóill mar a bheadh tine ar a chraiceann aige agus é mar cheannaire oifigiúil an pháirtí go fóill.

Ach ar an láimh eile, b’éigean do Faulkner meon léigir na n-aontachtaithe cheansú. Ní féidir leis an ghobadán an dá thrá a fhreastal! Ar 4 Eanáir 1974, vótáil feidhmeannas Pháirtí Aontachtach Uladh diúltú do Chomhaontú Sunningdale, trí lá i ndiaidh don rialtas nua tús a chur lena réim. D’éirigh Brian Faulkner as mar cheannaire an Pháirtí agus lean 19 den 21 ball de Thionól Aontachtach Uladh as oifig in éineacht leis. Mar bharr an donais, thit rialtas Heath in olltoghchán Fheabhra 1974, agus tháinig Harold Wilson i gcomharbas air. Níos measa fós, ghlac Merlyn Rees áit Whilelaw. Dúirt Paddy Devlin den SDLP ag am nár chuir sé isteach nó amach air go raibh Rees i gcónaí ag iomrascáil lean choinsias seachas gur chríochnaigh an choimhlint i dtólamh mar chomhscór! An fhadhb leis an toghchán seo nuair gur sheas an UUUC mar pháirtí amháin in achan toghcheantar agus mar gheall ar an chéad chun abhaile agus mar gheall ar bhearta scanraithe amhail “Dublin is just a Sunningdale away!”, bhain siad gach suíochán seachas Béal Feirste Thiar! Níos tábhachtaí fós, bhain siad breis is leath na vótaí ina iomláine.

Ansin, tháinig  polaiteoirí aontachtacha, ceardchumannaithe seicteacha agus paraimíleataigh le chéile le Comhairle Oibrithe Uladh (UWC) a bhunú. Ar 14 Bealtaine, d’fhógair siad stailc ghinearálta agus ar dtús bhain an UDA úsáid as imeaglú UDA le deanamh cinnte de nár nocht daione don obair. Dhruid an stailc na sé chontae síos a bheag nó a mhór. Níor thacaigh ach 200 le léirsiú a d’eagraigh na ceardchumann oifigiúla. Ansin, ar 17 Bealtaine 1974, mharaigh buama Bhaile Átha Cliath Muineachán 32 duine. Rinne an Drong Glenanne an beart míofar seo agus síltear go forleathan gur chuidigh fórsaí faisnéise an Stáit leo. Chuir Rialtas BÁC an locht ar na Sealadaigh. Mar a dúirt Paddy Harte as Fine Gael: ‘An gcreideann duine ar bith go dtiocfadh Protastúnaigh Thuaisceart Éireann, nó Dílseoirí, nó aon duine eile a bheadh ag pleanáil gníomh chomh uafásach sin, anuas anseo mura mbeadh buamáil ag an IRA i dTuaisceart na hÉireann? Gach duine agus gach eagraíocht a raibh aon pháirt acu san fheachtas buamála agus san fhoréigean … is orthu siúd a luíonn ciontacht agus náire na bhfeallmharfóirí a chuir na buamaí seo ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin Dé hAoine seo caite.’

Craig, Barr, Paisley agus West

Fá 1974, bhí 17,500 saighdiúir sa Tuaisceart. Dhiúltaigh an tArm an stailc a chur faoi chois, áfach, mar gheall gur mhaígh siad gur agóid pholaitiúil a bhí ann agus nach gníomh sceimhlitheoireachta a bhí i gceist. Ar 25 Bealtaine, cháin Harold Wilson an UWC agus chuir sé síos orthu siúd a bhí páirteach sa stailc mar ‘súmairí’ ach seachas caitheamh anuas orthu níor chorraigh a rialtas cos in éadan na ndílseoirí. Chuir ráiteas na súmairí alltacht ar go leor aontachtaithe nár thacaigh go mór leis an UWC roimhe, áfach agus mhéadaigh an tacaíocht don stailc dá bhrí sin. D’ordaigh Rialtas na Breataine don Arm smacht a ghlacadh ar sholáthairtí breosla fá choinne ‘oibrithe riachtanacha’, ach ní dhearna siad faic nó fríde in éadan an UDA. D’ordaigh an UWC múchadh iomlán. An t-am ar fad, shuigh ceannairí an UUUC le ceannairí grúpaí sceimhlitheoireachta na ndílseoirí Glenn Barr agus Andy Tyrie go háirithe. Chomh maith leis sin, chonacthas go léir radharcanna de na póilíní ina seasamh ag bacanna bóthair ag comhrá leis an UDA. Os a choinne sin , chaith an tIRA anuas ar an SDLP mar ‘fhealltóirí ar mhuintir na hÉireann’. Chuir na Sealadaigh i gcoinne Sunningdale mar gheall gur ghlac sé le prionsabal na comhthola, rud nach ndeánfadh siad féin go dtí na 1990í.

Sa deireadh thiar thall, níor sheas rialtas na Breataine in éadan na sceimhle agus b’éigean do Faulkner éirí as mar bhí tacaíocht an phobail aontachtaigh caillte aige. Cé gur mhol rialtas na hÉireann sa mheamram i mí Aibreáin 1973 athmhuintearais a chur chun cinn trí Chomhairle na hÉireann, ba léir nach raibh rud substaintiúil ar na bacáin nó ar intinn acu (McDaid, lch. 300) Bhí mana na ndílseoirí ‘Dublin is just a Sunningdale away’ tábhachtach, ach míchruinn sa deireadh thiar thall (Mc Daid, lch. 303) Chuidigh sé le tromlach ar son na cumhachtroinnte a thiontú ina thromlach in éadan na n-institiúidí ar fad. ar deireadh, bhain Paisely, Craig, West agus na dílseoirí a gcuspóir amach nó cosc ar chumhacht a roinnt leis na Fíníní. Níl rud ar bith buan faoin spéir, afach, agus bua Phiorrach a bhí sa stailc mar gheall gur leagadh amach creatlach an chomhréitigh as sin amach nó na trí shnáithe de chuid John Hume – bhí riail aon-pháirtí sa Teach Oraiste mór ar an chnoc chomh marbh le hairt ach nár thuig na haontachtaithe sin go fóill.

Leave a comment

Comments (

0

)