,

Ní maith gach rud a tharla le linn na laethanta órga

Mol an óige agus tiocfaidh sí, ‘sí sin an dóigh a spreagaim féin na daltaí ar an scoil s’againn, ach níor chuala mé iomrá ar an tseanfhocal sin go dtí gur fhoghlaim mé an Ghaeilge is mé i mbun mo mhéide. Nuair a bhí mé óg, d’fhreastail mé ar Scoil Bhráithre na Toirbhearta i nDún Geanainn. Ní labhraítí an Ghaeilge ar an scoil sin ach dá labhrófaí, bheadh is binn béal ina thost greanta ar an stua mhór cloiche a bhí ar crochadh os coinn na ndoirse mar a bheadh ollphéist mhara ag oscailt a géill lenár n-alpadh gach maidin. Bhí aois mhór ag an scoil chéanna nó ar feadh céad bliain is ann a fuair bunús ghasúir Chaitliceacha an bhaile mhóir an múineadh s’acu; b’amhlaidh sin go dtí gur tógadh an scoil nua an bhliain i ndiaidh dom an teist aistrithe a fháil. Níorbh iontas an foirgneamh a bheith duairc dorcha, mar sin de, le linn laethanta na n-ochtóidí ocracha nuair a d’fhreastail mé féin air. Ba mheasa arís an áit ar laethanta gairide gruama geimhridh, nuair a sheasadh aghaidh na scoile ina liagán dubh dorcha idir thú is leas agus ceann slinne uirthi fána sclátaí dúghorma síonchaite briste mar a bheadh fiacla lofa na caillí ag gobadh anuas as an charbad s’aici. Chuirtí na paistí ar crith ina gcraiceann istigh agus iad faoi scáth an daingin léith seo ach chan mar gheall ar a chuma bhagrach ach cionn is go mbuailtí iad óna gcéad lá ar scoil.

Ocht ngasúr is fiche a bhíodh i mo rangsa agus ní mór dom a rá gur fhulaing mo chomhscoláirí slata na máistrí ní ba mhinice ná mé cionn is go raibh bua an léinn agam – cibé acu léamh, scríobh na suimeanna ní bheadh lá moille orm an t-iomaire a bheadh romham a threabhadh. Ach dóibh siúd nár tháinig an fhoghlaim go réidh chucu, bhíodh scéal eile i ndán dóibh. Is cuimhin liom go maith na teisteanna litrithe i rang a cúig, thiocfadh lúcháir orm ach thiocfadh a mhilleadh sin ar chuid mhaith de na gasúir eile a labhraíodh go leathíseal is iad faoi uafás díreach roimh an chúistiúnacht. Sheasaimis ar chúl a chéile agus ár lámha amach romhainn sula dtosaíodh an Máistir Ó Cuinn ár gceistiú, faoiseamh do na stócaigh a mbeadh an litriú ar eolas acu, bosa á ndó dóibh siúd nach mbeadh an ceart acu. Chuirtí smacht agus eagla ar na buachaillí ach foghlaim ní fheictí aon rian di.

Fán am ar bhain mé na Bráithre amach, ní raibh ach triúr den tseandream fágtha, duine acu an príomhoide a gcuirtí na gasúir ba dhabla chuige chun béasa a chur orthu lena Sheac Dubh a choinnítí sa phóca brollaigh dá chasóg fhada – culaith a shíleadh síos ag sraoilleadh ina dhiaidh is é ag snámh ar bharr na gaoithe mar bheadh taibhse ag sníomh trí leachtanna na reilige. “Cuirfear suas chuig an Bhráthair Oilibhear Thú!” a deireadh na máistrí agus chan i mbeagán focal a d’inseofaí cad é uilig a chiallaigh sin. Ba é an míniú agus an réiteach a bhí ar an scéal ná gur cuireadh cor san aigne ar ghasúr ar bith a raibh rún na hamaidí aige agus naoi n-uaire as deich gcinn nó níos minice ná a mhalairt, ba leor don mháistir ainm an tseanfhir a lua le sceimhle Dé a chur ar leaid óg.

Chuaigh Oilibhéar i gcré ag tús ar séú bliain ar scoil, an bhliain ba thábhachtaí dúinn mar gur thosaigh muid a ullmhú don teist aistrithe 11+. Níorbh obair bheag nó shuarach í an t-ullmhuchán sin dúinn go léir a chuaigh isteach don teist. Deirtí linn go minic go mbíodh an domhan mór le cur i gcrích againn. Cuireadh ár n-oideachas ar athlá agus chleachtaimis na teisteanna i leabhair mhóra dhubha agus leathanaigh na bhfreagraí stápláite le chéile ag a gcuil go dtí go mbeadh na cleasa go léir don teist foghlama de ghlanmheabhair againn. Ní dheachaigh dáréag faoin scrúdú agus chonacthas dúinn go léir, a bhí go mór in éad leo, go raibh saol an mhadaidh bháin acu mar ba chosúil nach ndearna siad faic na fríde ar feadh bliana. Leoga, dhruideadh an máistir a shúil orthu fad is nach mbeadh siad ag cur isteach ar na “buachaillí maithe”! Rinneadh an teist go luath i rang a seacht agus fán am sin bráthair eile a bhíodh ag amharc inár ndiaidh. Bhí nimh san fheoil don dáréag aige mar i ndiaidh dóibh bliain a chaitheamh ina luí ar na maidí, níorbh aon ionadh gur éirigh na gasúir óga míshocair.

Ní raibh mórán iúil ar na ranganna ag an Dáréag Aspal mar a thugadh sé orthu, agus fiú iad siúd ag bhí ag dul don teist, mé féin i gcuideachta na cuideachta, ba ghnách linn go léir bobaireacht a dhéanamh ar Majella le go dtaga fearg an domhain air agus é ag spréachadh spriúchadh fríd an tseomra mar a bheas bolcán ag brúchtadh laibhe san aer. Ba mhinic a bhuaileadh sé smitín orainn agus shílimis féin gur mhór an spórt sin toisc nach raibh a fhios againn nár cheart cluaisín a thabhairt do pháiste. Is é lomchlár na fírinne go dtugtaí bogmharú orainn sa bhaile dá mbéarfaimis scéal abhaile agus “Ní gan chúis a fuair tú é!” a bheas le rá ag mo mháthair féin agus a míshástacht bainte as mo gheadán aici.

Chumadh an Bráthair Majella leasainm don dáréag go léir – thugadh sé Súile Caorach ar ghasúr bocht a raibh fiarshúil air, bhaisteadh sé liopa gruagach ar leaid a tháinig go luath chun caithreachais agus d’úsáideadh sé achan ainm faoin spéir ar dhuine den lucht siúil. Ach thar aon bhoc eile, bhíodh an dearg-ghráin ag Majella ar Gareth Woodhead nó Cloigeann Mahagaine mar a baisteadh air. Lá amháin nach ndéanfaidh mé dearmad air choíche, steall an bráthair uisce coisricthe thar an stócach óg agus é ag scairtí go raibh Gareth i ngreim ag an diabhal. Ach ar an lá úd, sheas Cloigeann Mahagaine an fód go daingean le dúshlán an bhráthar a thabhairt agus steall sé sruthanna mionnaí móra ar an tseanfhear. Dhearg aghaidh an bhráthar mar a bheas gal ag éirí ón chiteal agus tine ar a chraiceann, luasc an fear beag toirtiúil ar nós tairbh i gcró agus thug leadhbairt i ndiaidh leadhbhartha don ghasúr gur buaileadh i mbun an ghéill é agus thit sé ina spairt ar an líonóil smolchaite, áit ar luigh sé go bogmharbh ar feadh tamaillín sular tháinig sé chuige féin agus mearbhall air. Ní raibh de sin ach sin an lá sin agus ghlac Cloigeann Mahagaine leis an greadadh gan ghearán, ach ghoill sé go linn bhuí na gcaolán orm gur glacadh lena leithéid gan ghíog nó míog. Is oideoir mé féin anois agus nuair a bhreathnaíonn daoine siar ar na laethanta órga agus cumha orthu i ndiaidh a n-óige is gá a chur i gcuimhne fosta gur thugadh tuismitheoirí léasadh dá bpáistí agus múinteoirí greadadh dá ndaltaí san am atá caite agus tá dul chun cinn déanta againn idir an dá linn.

Leave a comment

Comments (

1

)

  1. Ní maith gach rud a tharla le linn na laethanta órga — BLOSC – Tuairisceoir an Dúin

    […] via Ní maith gach rud a tharla le linn na laethanta órga — BLOSC […]

    Like