Ní comóradh céad ach leac cuimhne atá de dhíth ar ár dtír bheag féin

Ar 13 Deireadh Fómhair, léigh mé alt san Irish News, nuachtán na meánaicme Caitlicí tuaisceartaí, gur dhiúltaigh Sinn Féin agus an SDLP páirt a ghlacadh i bhfóram a bhunaigh rialtas na Breataine ar na mallaibh chun ceiliúradh a dhéanamh ar bhunú Thuaisceart [na h]Éireann. Ní hionadh ar bith é gur dhiúltaigh mar tá náisiúnaithe bunreachtúla ag déanamh baghcat ar Norn Iron óna bhunú gan faic i bhfírinne a dhéanamh leis an bhonn a bhaint de. De réir mar a thug mé spléachadh ar an scata rógairí a bheas páirteach, chonacthas dom go raibh cothromaíocht cham ann. I measc na staraithe, is meascán míre é d’iar-Mharxaigh Oráisteacha ar nós Barún Bew, Graham Walker agus Henry Patterson agus cupla cur i gcéill Caitliceacha i bhfoirm mná gur athbhreithniúchóirí iad nach gcuirfidh isteach ar obair na bhfear buí. Níl Niamh Gallagher, Marie Coleman, Caoimhe Nic Dháibhéid nó Margaret O’Callaghan ag dul a chur ceisteanna crua faoi bhunú an stáit oráistigh. Tá aithne agam ar chuid acu siúd agus ní thugann siad dúshlán na bunaíochta go minic agus b’fhéidir nach bhfuil mé ag tabhairt a gceart dóibh ach is oth liom a rá go bhfuil siad ann le cuma liobrálach a chur ar choisir choimeádach faoi choimirce chúramach de chuid Bew.  

Bíonn Margaret O’Callaghan go fóill ag bleadráil faoin dóigh ar chuir comóradh 1916 lasóg sa bharrach maidir le tús na dtríoblóidí agus í ag caitheamh macalla míofar Cruise O’Brien agus a ‘anailís chumhachtach’. Leoga, tá mo dhóthain scríofa agam ar na Marxaigh Oráisteacha le go dtuigfeadh an léitheoir caighdeán an chaca a chruthaíonn siad, ach ba cheart cuimhne a chur ar an mhéid a bhí le rá acu faoina dtír bheag féin mar a thugann lucht an tuaiscirt ar an stáitín suarach seicteach s’acu.  D’argóin Bew agus Patteron nach bhfuil ‘a dhath frithghníomhach faoi theorainn náisiúnta a chruthaíonn tromlach Protastúnach’. (Bew 7rl 1979, lch, 221) Agus i mball eile, deirtear nach bhfuil achan streachailt faoi stádas an tuaiscirt frith-impiriúil ar an dóigh chéanna nach bhfuil gach coir in éadan na maoine frith-chaipitleach (Ibid, lch. 29)’. Scríobhadh seo go léir nuair a bhí an bheirt acu ag stiúradh smaointe na Stickies i gcomhair le hEoghan Harris agus náire orthu go raibh siad páirteach sa PD nó Daonlathas na Phobail lá den tsaol nuair a phléasc na tríoblóidí i 1969. Le bua na hiarghaoise, maíonn an bheirt go raibh an locht ar na radacaigh agus gur cheart ligint do Terence O’Neill leasaithe a chur i bhfeidhm – conclúid choimeádach chámasach a chuireann an locht ar na híospartaigh agus a chuidíonn le daoine áirithe codladh sa oíche agus iad gléasta i gculaith caorach nó eirmín Theach na dTeachtaí.

Ach sionnaigh i gcraiceann caorach atá iontu agus más fhianaise atá uait, ba cheart dúinn súil siar a chaitheamh ar chomóradh eile nó cothrom lae an dara mórshiúil chearta sibhialta i nDoire ar 5 Deireadh Fómhair 1968 mar chan amháin gur fhás an PD amach as an eachtra seo, ach go mínítear taobh istigh d’aon léiriú an fáth nach dtiocfaidh smidín na fírinne amach as fóram an tuaiscirt. Tá íomhánna an lae greanta ar chuimhne na ndaoine agus seachadadh an smachtín ó shearbhóntaí an stáitín craolta fud fad an domhain ag criú ceamara RTÉ. Baineadh geit as an tsaol agus a máthair agus baineadh síor-shotal de na Sasanaigh a shíl go raibh an scéal suarach seicteach suaimhnithe go stuama sna Sé Chontae acu ar shiúl ó shúile an tsaoil mhóir.

Eagraíodh an mórshiúl iomráiteach seo faoi bhráid NICRA – Cumann Chearta Shibhialta Thuaisceart Éireann. Deir staraí na heagraíochta, Paddy Murphy (Irish News, 6 DF 2018) gur imir réimse fachtóirí éagsúla sna 1960í tionchar uirthi amhail Acht an Oideachais 1947, Compántas an Chonghailigh sa Bhreatain, Feachtas ar son na Córa Sóisialta i nDún Geanainn, athrú straitéise Arm Phoblacht na hÉireann agus ar ndóigh na ciaróga – chan an fheithid ach an grúpa ceoil! Ba chinniúnach an rud é Acht an Oideachais mar gur osclaíodh doras dóibh siúd a mbíodh cosc orthu roimhe le go dtig leo cur síos, míniú agus anailís a thabhairt ar idirdhealú Stormont. I bhfirinne, b’éigean do Basil Brooke [ná bí á mheascadh suas leis an tsionnach ón teilifís anois cé gur bhodaigh scot-aicmeacha Sasanacha an bheirt acu i bhfírinne] bhuel bhí airsean glacadh leis an leas-stát i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda ar mhaithe leis an dúshlán ó Pháirtí Lucht Oibre an Tuaiscirt a chur de dhroim sheol agus an lucht oibre Protastúnach a choinneáil ag bun na pirimide oráistí. Ach i ngan fhios dó féin, chuir Basil bocht fiacla an dragain agus fómhar searbh a bhain na dílseoirí ar shráideanna Dhoire i 1968.

Deireann lucht léinn gur cloíte an galar an radacachas agus gur imir cúrsaí idirnáisiúnta tionchar nach beag ar eachtraí ó thuaidh go háirithe feachtas na ndaoine gorma sna Stáit Aontaithe agus fiú na mic léinn i mbun na mbaracáidí i bPáras agus i bPrag i 1968.  Leoga, maíonn Bew agus a lucht leanúna léinn leadránach gur thoisigh an choimhlint mar gheall ar ainrialaithe óga anabaí amaideacha [ar thacaigh siad leo aga an am] a tharraing ceachtanna craiceáilte as cúrsaí i gcéin nár cheart a gcur chun críche i gcomhthéacs Carsonia agus a thug dúshlán an stáit gan mhachnamh ceart ar na hiarmhairtí. Níl mórán amhrais ann gur bhain lucht an tuaiscirt splanc inspioráide óna gcomrádaithe cróga calma a chathaigh Jim Crow, ach i bhfírinne, bíodh obair chrua chomh tábhachtach le meabhair chinn maidir leis an fheachtas ar son ceart sibhialta ó thuaidh.

 Sula raibh mórán iomrá ar MLK agus mórshiúil na milliún, bhíodh Conn agus Patricia McCluskey i mbun feachtais i nDún Geanainn i 1964 [agus níl mé gaolta leis na daoine uasail seo seachas gurbh ghnách le mo mhamó a dteach a ghlanadh]. Agus fiú roimhe sin i 1961, bhí cumannaithe sa Bhreatain agus Compántas an Chonghailigh i mbun agóide ar son cearta sibhialta sa Tuaisceart dubh agus iad ag siúil ó Londan go Manchain. D’imir an sruth seo tionchar ar smaointí na nÓglach nuair a theip ar fheachtas na teorann. Bhíodh sé ar intinn ag na poblachtaigh teacht i dtír ar chearta sibhialta ó thuaidh agus ar an bhochtaineacht ó dheas mar dhóigh le hollghluaiseacht a thógáil – mar a scríobh Dennis Foley i 1965 san United Irishman “Mair capall agus gheobhaidh tú féar!”  Nuair a bunaíodh NICRA bhí poblachtaigh, cumannaithe agus gníomhaithe ann san óstán idirnáisiúnta i 1967. Nuair a rinneadh suiteoireacht i gCionn Aird i 1968 fuair an feisire náisiúnach Austin Currie aird na meáin, ach togra poblachtach a bhí ann agus Óglaigh a bhí mar stiúrthóirí ar an chéad mhórshiúil NICRA ar 24 Lúnasa 1968 idir Oileán an Ghuail agus Dún Geanainn.

Thug Ian Paisley amach go tréan gan tuirse gur chomhcheilg chumannach Phoblachtach a bhí i NICRA, straitéis a d’fhoglaim sé i measc na gcríodtaithe coiméadacha cráiceailte eile i gcliabhán an KKK agus é ag fáil dochtúireacht bhréagach i bhFíor-Dheisceart SAM. Ach is íorónta ar fad an rud é go pointe go mbíodh cuid an chirt aige mar plean a bhí acu cinnte ach chan ar mhaithe le feachtas míleata a chur faoi lán seoil, ach le daonlathas a bhaint amach ó thuaidh mar chéim i dtreo athmhuintearais oileánda agus poblacht na n-oibrithe. Mar b’shin an fáth a raibh na ciaróga tábhachtach fosta, chan dá bhrí gur thacaigh siad le NICRA [cé gur thacaigh] ach mar gheall gur chorr cinniúna a bhí sa tréimhse ar fad nuair a osclaíodh bealaí nua. Sheas na daoine seo i NICRA ar son an chirt, ach brúidiúlacht an freagra a tugadh ar a gcuid moltaí agus druideadh na bealaí síos – próiseas a thoisigh i nDoire ar 5 Deireadh Fómhair 1968.  

Níor tharla aon ruaille buaille i nDún Geanainn mar bhí lucht na measarthachta i dtús cadhnaíochta ar an lá úd. Thairis sin, mar gheall gur chinn Breznev an t-earrach Phrág a mhúchadh cuireadh an scéal i bhfolach i gcúl-leathanaigh na nuachtán an mhaidin dar gcionn. Scéal eile a bhí ann i nDoire, áfach. Nuair a labhraíonn daoine faoi NICRA agus oidhreacht na gluaiseachta i láthair na huaire, déantar dearmad [d’aon turas i gcásanna áirithe] gurbh bhrateagraíocht a bhí inti agus na cumannaithe agus poblachtaigh a d’fhág smál ar a bpleananna glórtha i dtreo céimeanna na staire agus straitéis na gceart sibhialta, níor scríobh siad teagmhas ar bith sa ghormchló s’acu. Radacaigh áitiúla a bhí taobh thiar de na himeachtaí i nDoire agus scéal eile a bhí le braistint an mhaidin dar gcionn nuair a d’oscail an domhan mór an páipéar nuachtáin s’acu nó nuair a d’amharc siad ar íomhánna na nuachta ar an teilifís.

Tá trácht déanta cheana féin agam ar leabhar Eamon McCann, War in an Irish Town, a sheasann mar an cuntas comhaimseartha is fearr den tréimhse ó thuaidh. Comhghuaillíocht den eite chlé Trotsciach ar Pháirtí Lucht Oibre Dhoire agus gluaiseacht na Poblachta a tháinig le chéile leis an Choiste Gnímh Tithíochta Dhoire a chur ar bun. Má bhí dímheas iomlán acu ar na créatúir oráisteacha a choinnigh smacht ar Bhardas Dhoire, ba bheag an meas a bhí acu ar náisiúnaithe bunreachtúla agus meánaicme Caitliceach na cathrach ach oiread. Ba cheart insint McCann ar an mhórshiúil a léamh go háirithe an cumannach Betty Sinclair a thug amach go tréan gur scrios na hamhais agus hainrialaithe clú NICRA [lch. 257]. An rud nár thuig Betty nó a comrádaithe ná nach dtig leat frithghníomhaí nó bithiúnta mí-réasúnach a cheansú le réasúnaíocht. Tháinig crú ar an tairne ar an lá úd agus nochtadh an stáitín Oráisteach os comhar an tsaoil. Ba iad gníomhartha na Breataine ina dhaidh sin a leag an chéad chloch ar chosán na coimhlinte as sin amach. Chuir Wilson agus Callaghan brú ar O’Neill cuid de na héilimh NICRA a ghéilleadh, ach ní raibh struchtúr an stáitín in ann a leithéid de bheart a mhaireachtáil.

Deir Bew 7rl gur scrios an PD clár leasaithe Uí Néill agus na 5 phointe nuair a shiúil siad ó Bhéal Feirste go Doire ag corr na bliana 1969. Ach ‘sí seo an fhírinne shearbh. Bhí a fhios ag rialtas Londan gur poll dubh a bhí sa tuaisceart, leoga bunaíodh é chuige sin. Bhí O’Neill ag feidhmiú mar phríomhaire ar feadh 5 bliana sular luascadh na smachtíní ar Shráid Duke agus seachas ag bualadh le Seán Lemass agus ag ól tae le roinnt mná rialta níor chuir sé oiread agus leasú amháin i bhfeidhm ar mhaithe leis an idirdhealú córasach ó thuaidh a choiriú. Nuair a d’ionsaigh Bunting agus na dronganna lucht an PD ag Burntollet, na dílseoirí agus fórsaí an stáit a d’úsáid an foréigean chan lucht an mhórshiúil agus nuair a cheap Harold Wilson agus Jim Callaghan an breitheamh Jock Cameron le fiosrúchan a dhéanamh ar an fhoréigean bhí na torthaí réamh-bheartaithe acu cé gur cuireadh cuma phoiblí ar an scéal gur thionscain Terence O’Neill an fiosrúchan.

Ach cad iad na torthaí? Scríobh Cameron go neamhbhalbh go raibh leithcheal córasach i réim idir thithíocht agus fhostaíocht ó thuaidh. Ina theannta sin, d’admhaigh sé go gcleachtaí claonroinnt mhínáireach i gceantair ina raibh tromlach náisiúnach le déanamh cinnte de go mbeadh seilbh ar na comhairlí áitiúla agus an phátrúnacht ar bhain leo ag na haontachtaithe agus go raibh sé ‘thar a bheith soiléir’ [pointe 134 den tuairsic Cameron] gurbh cheart iad na líomhaintí a rinneadh in éadan an pháirtí Aontachtaigh. Bhí réim na nOráisteach seo lofa go smior ó bunaíodh í agus flaitheas ag parlaimint Londan an t-am go léir, dream beag beann ar an pháirtí a chas súil dhall ar an smál seicteach suarach fad is gur choinnigh an Páirtí Aontachtach cúrsaí faoi smacht.

Ó buanóidh é bhíodh an tuaisceart neamhrialta. Iarsma na himpireachta ina gcuirtí conradh sóisialta cam i bhfeidhm idir an scothaicme Phrotastúnach agus a lucht oibre. Níl seo le rá go raibh saol an mhadaidh bháin ag oibrithe oráisteacha ach go bhfuair siad an chéad rogha ar an bheagán a bhíodh ar fáil ó thaobh na fostaíochta, na tithíochta agus tionchair ar rialtas áitiúil de. Mhaoirsigh státseirbhís aontachtach leithcheal ar an mhionlach rud a d’fhág riarachán an stáit neamhghnách fosta mar a bhíodh le feiceáil go soiléir leis na péas. Agus níor léir an scaradh idir an stát agus sochaí shibhialta na ndílseoirí ach oiread mar thug na B Speisialtaigh a n-arm abhaile gach oíche agus ba bhall den Ord Oráisteach iad mar aon le gach feisire, comhairleoir nó fiú státsheirbhíseach, píleir nó breitheamh a raibh tábhacht aige. Baisteadh an Tuaisceart i bhfuil, agus bunaíodh é ar leithcheal agus fuath, smál a bhí sna sé chontae ón tús nár cheart  é a cheiliúradh ar chor ar bith.

Deireann lucht léinn go ndearnadh áibhéil ar an scéal agus fiú dá gcuirfí idirdhealú i bhfeidhm is gá paranóia Phrotastúnach a aithint agus ealga réasúnta orthu roimh fhorlámhas na bhfíníní agus feall na Breataine a chur san áireamh – ní nach ionadh, mar sin de, gur fhreagair na fir bhuí ar an bhagairt mar sin. Cuireann an súilfholcadh seafóideach seo cúrsaí aicmeacha i gceilt. Bhí dhá ollstailc ann i mBéal Feirste i 1907 agus 1919 inár thug an lucht oibre idir Chaitlicigh agus Phrotastúnaigh dúshlán na bhfostóirí agus dá bhrí sin bhí ar na tiarnaí talún agus lucht tionsclaíochta, a shuigh go te ag barr an dréimire, bonn an chliarlathais Phrotastúnaigh a dhaingniú. B’ionann seicteachas agus suimint an tstruchtúir, rud a d’fhág go raibh ar na gluaiseachtaí ceardchumainn is laige san Eoraip le feiceáil i mBéal Feirste le linn an fhichiú haoise, mar a thuar Séamas Ó Conghaile i 1914.

Dá mbeadh cleachtas Stormont bunaithe ar an imní, bheadh sé réasúnta go ndéanfadh siad a seacht ndícheall muintearas a dhéanamh leis an mheánaicme Chaitliceach, dream a chuirfeadh na múrtha fáilte roimh a  leithéid de bheart – ní dhearna siad ar ndóigh. Leoga tá comhchoibhneas soiléir le feiceáil idir coimhlint aicme ó thuaidh agus foréigean seicteach mar a tharla i 1919 le stailc na n-innealtóirí agus an pogram an samhradh dar gcionn nó mar a bhí ann nuair a tharla na círéibeacha fuilteacha a lean dlúthpháirtíocht an lucht oibre le linn na stailceanna fhóirithint bhaile de bharr an spealta mhóir. I ndiaidh sin, bhuail Basil Brooke [an sionnach glic] an druma oráisteach agus é a dhearbhú nach mbeadh Fíníneach thart fán áit aige. Leoga, rinne J. M. Andrews fiosrúchán ar líon na gCaitliceach a d’oscail na doirse ag Stormont agus faoiseamh air nach raibh ach Fíníneach amháin ann rud a gheall sé don pharlaimint go socródh sé láithreach bonn! Sheachain baicle na mbligeard seo coimhlint aicmeach trí chur chun cinn an tseicteachais agus sin é bun agus barr an scéil.

Siar i 1968, ní raibh dara suí sa bhuaille ag an rialtas Oráisteach ach leasaithe a chur i bhfeidhm chun maireachtáil. Ba í an chruacheist, áfach, nó nach dtig leis an stáitín á dhéanamh mar gheall ar a nádúr agus a idé-eolaíocht. Seachas an rud ceart a dhéanamh, thug rialtas Londan an tArm do na hAontachtaithe chun clár a chur ar an chaismirt, rud a d’fhág rudaí míle uair níos measa agus thoisigh coimhlint a mhair ceathrú céid dá bharr. Seachas comóradh ar an áit, ba cheart dúinn cloch chinn a ghreannú dár dtír bheag féin, chan mar gheall go bhfuil an stát Oráisteach go fóill linn, ach mar gheall go bhfuil an Stát Oráiste-Glas linn agus an todhchaí fhrith-sheicteach shóisialach a spreag na daoine óga cróga a thóg na slógaí agus a chreim sáil a mbrógaí ar shráideanna an Tuaiscirt go fóill mar ghealltanas geal ar bhun na spéire amach romhainn.

Leave a comment

Comments (

4

)

  1. Sean Fennell

    Alt iontach, ach thaitin an chaint agus an chomhrá níos fearr liom ar RNAG. Bulaí fir, chuir tú beocht sa scríbhneoireacht ar an ráidio. Ba chóir duit sin a dhéanamh níos minice!!!

    Like

  2. blosc

    grma a chara

    Like

  3. séamus Mac Seáin

    togha alt gach ceann acu seo . maith thú

    Like

    1. blosc

      grma a chara

      Like