,

Dev agus Mná na hÉireann

 I ndiaidh dó cumhacht na dála a ghabhail i 1932, cháin Hanna Sheehy Skeffington de Valera go géar mar gheall ar an dóigh ar chuir sé síos ar an Chuntaois Markievicz[1] mar dhaonchara seachas mar réabhlóidí.[2] Lean Hanna léi ag aimsiú na gcodarsnachtaí idir Séamus Ó Conghaile agus de Valera – nó idir ceannaire a throid ar son na réabhlóide, agus Dev a sheas ar son na héabhlóide agus an bhunreachtúlachais. dar léi, sheas a dtuairimí éagsúla i leith na mban mar íomhá den chodarsnacht ar fad, ‘to the one, woman was an equal, a comrade: to the other, a sheltered being, withdrawn to the domestic hearth, shrinking from public life.’ Mhínigh sé seo an fáth ar imigh Hanna féin ó Fhianna Fáil mar ní raibh spás ag feimineach ceart i bpáirtí an Thaoisigh.[3]

Cén dóigh ar chríochnaigh na mná ba radacaí agus b’fhorásaí i bpolaitíocht na tíre ar an taobh chéanna le de Valera? Déanann Margaret Ward argóint thar a bheith inchreidte go raibh dlúthbhaint ann idir aitheantas don Phoblacht agus aitheantas cheart na mban. B’éigean leanúint ar aghaidh leis an streachailt don bheirt acu, go háirithe mar gheall ar impleachtaí an Chonartha.[4] Fad is a mhair an Phoblacht, mhair na féidearthachtaí go dtiocfadh an tsaoirse agus ní saoirse go saoirse na mban, ar ndóighe. Rinne Hanna an argóint chéanna in aimsir an chonartha nó gur chloígh na mná leis an Phoblacht ach gur thacaigh na fir leis an tSaorstát.[5]

Mhaígh Seán Ó Faoláin gurbh ionann an Saorstát agus ‘ceannairc’ mheánaicmeach. Ní sochaí a tháinig amach as an ruaille buaille’ dar leis, ‘aicme a bhí ann’.[6]  Sa deireadh thiar thall, theip ar na réabhlóidithe idir mhná agus fhir cionn is gur chuidigh siad le de Valera an ghluaiseacht thras-aicmeach náisiúnach Shinn Féin a atógáil seachas díriú isteach ar na contrárthachtaí sóisialta, aicme agus inscne a chruthaigh an réabhlóid agus na réabhlóidithe féin ar an chéad dul síos. Níor thréig Cumann na mBan cúis an fheimineachais cionn is nár thóg siad riamh í. Seachas sin, d’aimsigh siad ról mar chosantóir choinsias na Poblachta, seachas ionadaithe ar mhaithe le leas na mban.[7] Fán am a mhúscail siad do thábhacht an aicmeachais sna luath 1930í, fál a chur ar an ghort i ndiaidh na foghla a bhí ann agus Dev ar tí teacht i dtír ar an Spealadh Mhór agus “Éire” a chruthú ar a dheilbh féin.

Ach leis an scéal a thuigbheáil mar is ceart, is mithid dúinn dul siar go tús na réabhlóide agus 1916. Ghlac thart fá 90 bean páirt san Éirí Amach, 60 acu mar chuid de Chumann na mBan agus an fuilleach in Arm Cathartha na hÉireann. Banaltraí, cócairí agus teachtairí a bhí i mná an Chumainn ach chuaigh na mná sóisialacha i mbun troda agus tugadh gunnán d’achan duine acu de réir Helena Maloney agus Ó Conghaile ag rá leo gurbh bhaill d’Arm na Poblachta a bhí iontu.[8] Bhí ceannfort amháin de na hÓglaigh ann, áfach, a thug diultú glan do na mná páirt a ghlacadh nó de Valera i Muileann Uí Bheolláin. Dúirt sé go raibh sé buartha go leor gan a bheith freagrach as mná neamhoilte. Mhaígh Hanna Sheehy Skeffington níos faide anonn gur admhaigh Dev go raibh aithreachas air nár thug sé cead isteach do na mhná cionn is gur cuireadh saighdiúirí maithe amú agus iad ag dul don chócaireacht!

Bhain na básuithe a cloigeann den réabhlóid. A bheag nó a mhór, ní raibh ceannasaíocht ag gluaiseacht na poblachta taobh amuigh de na mná a raibh gaol acu leo siúd a cuireadh chun báis. Dá mba rud é go raibh ceannaire ag gluaiseacht na poblachta díreach i ndiaidh an éirí amach, Caitlín Bean Uí Chléirigh a bhí ann.[9] Bhunaigh sí Coiste um Chúnamh Náisiúnta na nÓglach agus rinne cinnte de nach raibh lucht an bhunreachtúlachais san áireamh. Cheap sé an Coilíneach mar rúnaí an choiste agus duine mór le rá sa Bhráithreachas [IRB] mar gheall ar na scileanna riaracháin s’aige agus, de réir dealraimh,  cionn is ur shíl sí go raibh sé cosúil le Seán Mac Diarmada. D’fhulaing Caitlín breith anabaí agus b’éigean di céim ar chúl a ghlacadh ag bomaite cinniúnach i bhforbairt Shinn Féin, áfach.  Ar dtús báire, ba hiad na mná a chuaigh anonn go SAM ar mhaithe le bolscaireacht a scaipeadh amhail Min Ryan, Margaret Skinnider, Nellie Gifford agus Nora Connolly.[10] Ach de réir a chéile, d’eirigh leis na fir a bhforlámhas a athghabháil ar an ghluaiseacht.

Mar an ceannfort deiridh de lucht an éirí amach nach raibh ar shlí na fírinne, bhíodh stádas ar leith ag de Valera. Mar sin de, nuair a tháinig sé amach as príosún roghnaíodh é d’aon ghuth ag comhdháil Shinn Féin i nDeireadh Fómhair 1917. Sheas Art Ó Gríofa i leataobh ach chinntigh sé go bhfágadh forógra an pháirtí spás dá choincheap féin den démhonarcacht. Bhainfeadh sé tairbhe as an débhríocht seo ní b’fhaide anonn le linn díospóireachtaí an Chonartha. Níor chuidigh sé le cás na mban san eagras nua go raibh cuid mhaith acu in amhras faoin ‘pholaitíocht’ nó nach raibh muinín acu i ‘bpolaiteoirí’ ach oiread. Cé gur vótáil na daoine do Shinn Féin mar gheall ar Sheachtain na Cásca, a rud a d’amhaigh P. S. O’Hegarty fiú, níorbh ionann an dá dhream – ollghluaiseacht thras-aicmeach náisiúnach a bhí i Sinn Féin. Bhíodh gach poblachtach ina Shinner cinnte ach níorbh phoblachtach é achan Shinner ach oiread.

Cé nach raibh na mná i dtús cadhnaíochta ní ba mhó, dhearbhaigh bunreacht an pháirtí gur cheart d’achan ráiteas a bhain leis an ghluaiseacht béim a leagan ar an chomhionannas idir fir agus mná na heagraíochta. Tharla sé sin mar gheall ar bhrú ó Jenny Wyse Power agus Caitlín Bean Uí Chléirigh.[11] Toghadh ceathrar ban ar an choiste naisiúnta de 24: an Chuntaois Markievicz, Kathleen Lynn, Caitlín Bean Uí Chléirigh agus an Chuntaois Pluincéid.[12] Arís eile, d’imir mná ról suntasach sa streachailt. Mar shampla, bhí siad lárnach san fheachtas in éadan an choinscríofa in Aibreán 1918 a d’fheidhmigh mar dhúshraith bhua Shinn Féin ag deireadh na bliana.  Nuair a gabhadh Caitlín Bean Uí Chléirigh mar chuid de chomhcheilg na Gearmáine i mBealtaine 1918, deirtear gur bhris ar a foighne leis an Chuntaois Markievicz, a bhí ina coda beaga thart uirthi:  ‘little and inoffensive I maybe, but my charge sheet is the same as yours.’[13]

I ndiaidh do Shinn Féin ollbhua a bhaint amach i 1918, bunaíodh an chéad Dáil in Eanáir 1919 agus cé go raibh sé fá ghlas ag na gallaibh, toghadh de Valera mar uachtarán agus ceapadh Markievicz mar Aire an tSaothair, an dara bean le dul isteach i rialtas áit ar bith san Eoraip i ndiaidh Alexandra Kollontai san Aontas Sóivéadach.  Fán am a d’imigh Dev leis go dtí na Stáit Aontaithe ar mhaithe le bolscaireacht a dhéanamh ar son na poblachta agus aitheantas idirnáisúnta na hÉireann a bhaint amach, ba léir nach raibh an Dáil chomh réabhlóid is a bhí an tÉirí Amach. Siombal den fhrithbheartaíocht a bhí ann cinnte, ach chan den réabhlóideachas. Leag Alice Stopford Green a méar ar an fhirinne nuair a scríobh sí nár bhain réabhlóideachas ar bith leis an Dáil seachas gur aistrigh sí gnáthshaol agus cinniúint mhuintir na hÉireann ó smacht na Sasanach chuici féin.[14]

Nuair a d’fhill de Valera ag corr na bliana 1921, dhiúltaigh Sinn Féin glacadh le hAcht um Rialú na hÉireann [nó Acht na Críochdheighilte], ach bhain siad tairbhe as na toghcháin a bhain leis chun an Dara Dáil a thoghadh. An iarraidh seo, toghadh cúigear ban eile i dteannta Markievicz: Margaret máthar an Phiarsaigh, Caitlín Bean Uí Chléirigh, Eithne Inglis [an síciatraí Ada English], Máire Nic Shuibhne agus Caitlín Uí Ceallacháin   baintreach d’Arm-mheara Luimnigh. Ansin, bhain Dev an t-údarás de Chuntaois Markievicz vóta a bheith aici sa chomhaireacht. Léirigh sé seo nár thug Dev mórán airde den cheachtar acu mná nó saothar. Ach, faraor, bheadh caitheamh ina dhiaidh aige faoi seo nuair a vótáil Mag Oscair ar son an chonartha![15]

Ba léir nárbh phoblachtach diongbháilte a bhíodh i nDev. Agus é sna SAM, tharraing sé conspóid air féin nuair a rinne sé comparaid idir stádas na hÉireann agus an tionchar a d’imir SAM ar Chúba. Ní dheachaigh sé anonn go Londain do na cainteanna agus maíodh ag an am nach raibh i gceist ach silíní searbha san fhreasúra aige i leith an Chonartha. Leoga, bíodh cead cainte ag fear caillte na himeartha agus mhol Dev doiciméad #2 mar rogha eile a bhunaigh sé ar a choincheap féin nó an comhlachas seachtrach. Rinne Ó Gríofa agus an Coileánach a bheag as a chuid cailicéireachta, ach thuig Dev ní b’fhearr ná iad go mbeadh cogadh cathartha ann ar ais nó ar éigean mar gheall ar an mhóid agus an impireacht agus lena cheart a thabhairt dó, rinne sé iarracht ar an chomhghuaillíocht Shinn Féin a tharrtháil. An fhadhb a bhíodh aige nó níor tháinig a thacaíocht sa Dáil as lucht na measarthachta ach as na poblachtaigh a raibh prionsabail acu – nó mar a thug lucht na Chonartha orthu – the women and Childers Party.[16]

Nuair a sheas na mná gualainn ar ghualainn in éadan an chonartha, ba dhoiligh a chur ina leith nár léirigh siad tuairim na mban in Éirinn. Leoga, ar 5 Feabhra 1922 – vótáil Cumann na mBan in éadan a n Chonartha 419- 63. Chaith lucht an chonartha anuas orthu ag cur ina leith mar sin go raibh siad craiceáilte. Thug P. S. O’Hegarty ‘na Fúire’ orthu in san leabhar s’aige faoin réabhlóid. I bhfírinne, poblachtaigh a bhíodh iontu nach dtig leo móid a ghlacadh do Rí Shasana mar cheann stáit na hÉireann nó a ligint don tír siúl isteach san impireacht agus a ceann in airde aici mar a mhaígh Caoimhín Ó hUiginn ag an am. Ní raibh siad in ann glacadh le fimíneacht nó mí-ionracas agus sin a bhí le feiceáil acu dar leo in argóint an Choilínigh maidir leis na clocha cora nó an tsaoirse chun saoirse a bhaint amach.

Thar aon ní eile, bhí an Phoblacht beo, dar leo, agus é ar intinn ag lucht an Chonartha á caitheamh i dtraipisí ar mhaithe le háit a aimsiú san Impireacht agus móid a shárú. Mar a dúirt Caitlín Bean Uí Chléirigh: ‘There is not enough to force me, not eloquence enough to influence me in the whole British Empire into taking that Oath, though I am only a frail scrap of humanity.’ Labhair Máire Nic Shuibhe ar feadh 4 uaire go leith le linn na ndíospóireachtaí agus 2 uair agus daichead bomaite in aon dul amháin.  I MÍ Aibreáin, scríobh sí litir chuig Risteard Ó Maolchatha, Aoire Cosanta an tSaorstáit: ‘you not realise, we hold the Republic as a living faith, a spiritual reality stronger than any material benefits you can offer – cannot give it up. It is not we who have changed. It is you.’[17] Nuair a rinne an Coilíneach iarracht an dá thaobh a choinneáil le chéile i ndiaidh an vóta ar son an chonartha ar 7 Eanáir, dhiúltaigh sí éisteacht leis agus e ag dearbhú nach mbeadh ‘hand, act nor part in helping the Irish Free State to carry this nation of ours, this glorious nation that has been betrayed here tonight, into the British Empire’.  B’éigean dó Dev cruinniú a reáchtáil dóibh siúd a sheas in éadan an chonartha agus ansin bhris na deora air.

Ceapadh an Coileánach mar chathaoirleach ar an rialtas sealadach agus ghlac Ó Gríofa áit de Valera mar uachtarán na Dála. As sin amach, bhí dhá rialtas ann an Dáil agus an rialtas sealadach a bunaíodh faoi chonradh. Lean páirtí de Valera ar aghaidh ag freastal ar an chéad cheann gan aitheantas a thabhairt don rialtas nua. Le linn na ndíospóireachtaí roimh thoghchán an tSaorstáit a chuirfeadh deireadh le rialtas na Dála, mhol Caitlín Bean Uí Cheallacháin go dtabharfaí an vóta d’achan bhean thar 21 bhliain d’aois. Dhiúltaigh Ó Gríofa glacadh leis seo mar gheall go gcuideodh an beart leis na poblachtaigh, rud a bheadh le feiceáil i 1923 nuair a d’éirigh go maith le Sinn Féin faoin toghthóireacht fhairsingithe. Cé gur thug Cathal Brugha óráid láidir ar son na mban, d’fhan de Valera sa chúlra seachas argóintí teicniúla a dhéanamh óir ba dhócha nár chreid sé féin gur cheart do bhean faoi 30 an vóta a bheith aici.[18] Roimh an chomórtas féin, tháinig Dev agus an Coileánach ar chomhaontú toghcháin ach thréig Ó Coileáin é cúpla lá roimh an toghchán féin mar gheall nár ghlac an Bhreatain leis an bhunreacht poblachtach a mhol sé don stát nua ar mhaithe leis an scoilt sa ghluaiseacht a sheachaint.  Bhris Cogadh na gCarad amach faraor i Meitheamh 1922 agus thuig de Valera go maith go mbeadh sé féin ar an imeall as seo amach. Leoga, liostáil sé é féin mar ghnáth-shaighdiúir den 3ú Cathlán Bhaile Átha Cliath nuair a bhris an choimhlint amach.

De réir mar a theip ar iarrachtaí Arm na Poblachta, áfach, rinne de Valera iarracht tús áite a thabhairt don pholaitíocht arís. I Meán Fómhair 1922, scríobh sé litir thar a bheith suntasach chuig Máire Nic Shuibhne. Léirigh an litir seo an teannas idir náisiúnachas Dev agus poblachtachas agus prionsabail na ndaoine a sheas in éadan an Chonartha.

Reason rather than faith has been my master … I have felt for some time that this doctrine of mine ill fitted me to be leader of the republican party … nature never fashioned me to be a partisan leader … For the sake of the cause, I allowed myself to be put into a position which it is impossible for one of my outlook and personal bias to fill with effect for the party … every instinct of mine would indicate that I was meant to be a dyed-in-the-wool Tory, or even a Bishop, rather than the leader of a revolution.[19]

I litir eile, thug sé amach di cionn is nach raibh sí in ann a aithint ‘the difference between desiring a thing and having a feasible programme for securing it’.[20]

Thig leat a rá gur bhain mná na poblachta comhionannas de chineál ínteacht amach sa mhí chéanna, áfach, nuair a thiontaigh Ó Maolchatha Príosún Chill Mhaighneáin isteach ina champa géibhinn dóibh. Chuir lucht an tSaorstáit an locht ar na mná seo as an chogadh ar fad agus chuir 500 bean faoi ghlas. Chuaigh 90 acu ar stailc ocrais, Nic Shuibhne ina measc i Mí na Samhna.[21] Leag sí béim ar ‘bheannaitheacht na mionnaí’ agus ar ghlaineacht na streachailte ar son na poblachta agus í ag leanúint íobairt a dearthár, Tarlach. Leoga, thug sí dúshlán na heaglaise Caitlicí ag cur ina leith gurbh fhimínigh a bhí sna heaspaig a rinne coinnealbhá uirthi ach a thacaigh lena dhearthair dhá bhliain roimhe. Mar shampla, scríobh sí chuig an Easpag Átha Cliath: ‘Your Lordships are supporting one side against another … supporting perjurers, job-hunters and materialists and driving away those who stand for truth and honour.’ [22]

Cé gur easaontaigh siad léi, rinne na heaspaig iarracht dul i bhfeidhm ar rialtas an tSaorstáit gan ligint di bas a fháil. Mhaígh Liam Mag Oscair ag an am, áfach: ‘I fear that it is not possible to consider these women as ordinary females.’ Leoga, bhí Risteard Ó Maolchatha réidh ligint dá dheirfiúr chleamhnais féin bás a fháil ar stailc ocrais fiú.[23] Bhí bean chéile s’aige, Min, mar bunaitheoir Cumann an Saoirse nó an mionlach beag de Chumann na mBan a thacaigh leis an Chonradh. Cé gur baineadh úsáid as na mná seo le cuardach a dhéanamh ar mhná na Poblachta le linn an chogaidh, ní raibh ról míleata ar leith acu. Go bunúsach, léirigh an eagraíocht mianta na scothaicme a bhí ag teacht chun cinn; d’amharc siad agus uafás orthu ar mhná fiáine Chumann na mBan.[24]

Leoga, sháraigh rialtas an tSaorstáit tradisiúin iomlán an phoblachtachais nuair níor aithin siad na mná seo mar chimí polaitiúla. Nuair a bhí Eithne Ní Chumhaill ag argóint le sagart maidir le ceart na n-easpag, dhearbhaigh sí gurbh ar éigean a bhí an ceart acu nuair a loisc siad Jeanne d’Arc. Bhí an sagart chomh feargach go raibh sé ar tí Eithne a ghreadadh. Ina theannta sin, scríobh Ní Chumhaill go dtáinig cumann na saoirse isteach agus iad ólta le cuardach a dhéanamh uirthi agus gur bhain siad na sála arda díobh le mná na poblachta a bhualadh.[25] Seacht mbliana i ndiaidh Éirí Amach na Cásca, bhí na mná a bhí muinteartha le ceannairí 1916 ag troid ar son idéal na bPoblachtach go fóill ach anois taobh istigh de bhallaí fuara an tSaorstáit. Nuair a rinne na mná seo comóradh ar an Éirí Amach agus iad faoi ghlas, scríobh Dorothy Macardle ‘it was as if the voices of our dead were speaking to us again.’[26]

Nuair a mharaigh Arm an tSaorstáit Liam Ó Loinsigh in Aibreán 1923, ba léir go raibh an cogadh thart. Beagán ar bheagán, thiontaigh de Valera an ghluaiseacht ar ais i dtreo na polaitíochta. Bhain sé tairbh as olltoghchán an tSaorstáit i Lúnasa 1923 lena thiomantas agus lena chrógacht a léiriú agus greim docht a fháil ar cheannasaíocht polaitiúil na gluaiseachta arís. Chríochnaigh de Valera faoi ghlas arís i ndiaidh Lá Mhuire 1923 nuair a thug sé óráid phoiblí ar an Innis an áit ar thoisigh turas na polaitíochta s’aige 6 bliana roimhe agus é gléasta i gculaith na nÓglach. Sheas 87 iarrathóir Shinn Féin – an chuid is mó acu ar a dteitheadh nó i ngéibhinn cheana féin – agus an baol ann go gcuirfí faoi ghlas iad a luaithe is a leag siad cos ar ardán toghcháin.[27] Thug de Valera dúshlán an stáit agus mhaígh nach stopfaidh rud ar bith seachas urchar é, trácht a bhí ann ar an méid a dúirt Deasman Mac Giolla Gearailt ‘fad is atá an chumhacht againn, beidh de Valera agus achan namhaid eile na tíre ar a dteitheadh’.[28] I ndeireadh na dála, agus i ngan fhios dó féin, scaoil athscinneadh sa chos é ar an lá úd sular ghabh Arm an tSaorstáit é. Fuair an cime 17,762 vóta in éadan 8,196 fá choinne Eoin MacNeill. Bhain Cumann na nGaedheal 62 agus SF 44 suíochán ar an iomlán. Ba léir go raibh toghdóirí amuigh ansin sásta cluas éisteachta a thabhairt do theachtaireacht phoblachtach.[29]

Thig leat a rá go raibh faoiseamh ar Dev agus é faoi ghlas. Thig leat a rá fosta gur dheimhnigh sé tábhacht na polaitíochta san intinn s’aige agus anois go mbeadh seal aige lena mhachnamh a dhéanamh agus straitéis nua a fhorbairt. D’iarr sé ar Chaitlín Ní Dhónail, a rúnaí, leabhair a sheoladh chuige

If you want to make me happy, send me all of them [books]. It will be living life over again going through them and picking out what is of use. It will be like making the acquaintance of old friends again and what I have forgotten will come through them more quickly than in any other way.’[30]

D’imigh sé ón phríosún an samhradh dár gcionn agus d’fhill ar Chontae an Chláir ar chothrom lae dá ghabhail. Léirigh tús a óráide chuid dá acmhainn ghrinn “mar a bhí le rá agam sular cuireadh isteach orm chomh drochbhéasach sin”. Ba léir anois go raibh sé ag iarraidh fáil réitithe leis an mhóid agus Sinn Féin a thabhairt isteach sa Dáil. Tharla sé go raibh an cheist náisiúnta ag cuidiú leis. Sheas Alt XII an Chonartha mar bhunchloch in argóintí an tSaorstáit. Agus Cogadh na gCarad buaite acu, thug siad aghaidh ar atarraingt na teorann ‘de réir toil na ndaoine.’ Le linn na gcainteanna 1921, gheall Lloyd George don Choileánach agus d’Ó Gríofa go bhfaigheadh an Saorstát Tír Eoghain, Fear Manach, Cathair Dhoire, Ard Mhacha Theas agus an tIúr. Anois, tháinig sé amach le rá go seasfadh mionathraithe mar an t-aon mhíniú réasúnta agus freagrach as an chlásal sin. Ansin, mhaígh sé nach raibh i gceist na teorann ach racán seicteach i gcoirnéal na hÉireann.[31] Agus olltoghchán ag titim amach ó thuaidh, thug Dev aghaidh ar an Iúr ar 24 Deireadh Fómhair. Gabhadh agus cuireadh trasna na teorann arís é. Ansin, rinne sé amhlaidh i nDoire. Cé nár éirigh go maith le Sinn Féin ó thuaidh, ar 18 Samhain, fuair siad 29,000 vóta sa bhreis i gcúig thoghcheantar ná mar a d’éirigh leo san olltoghchán roimhe. Bhain sé tairbhe as an chríochdheighilt le hionsaí a dhéanamh ar lucht an tSaorstáit.

Where is their stepping-stone argument now? They will soon have forgotten that they ever had such an idea. The stepping stones have been too slippery and they have slipped off. When I think of it, I think of what used to be in some of the old Irish tales of stepping stones. “Fuair siadsan na clocha. Fuair sinne an t-áth. Do bádh iadsan. Do Tháinig sinne slán.[32]

An Lá a tháinig torthaí Choimisiúin na Teorann chun solais i 1925, thit Caoimhín Ó hUiginn i laige nuair a léigh siad iad. Ar an 3 Nollaig 1925, d’aontaigh Mag Oscair is Ó hUiginn tuairisc an choimisiúin a chur ar ceal dá gcuirfeadh rialtas Londain deireadh le fiach impiriúil an tSaorstáit nó mar a mhaígh Dev: ‘dhíol an Saorstát dúchasaigh Uladh fá choinne £4 an chinn, le fiach nach raibh dlite againn a ghlanadh.’ Ina dhiaidh, d’admhaigh Ó hUiginn nach raibh ach leathbhréag i gceist nuair a maíodh gur thréig a rialtas náisiúnaithe an tuaiscirt.

I 1925, rinne De Valera iarracht cur ina luí ar Shinn Féin dul isteach i bparlaimint an tSaorstáit dá gcuirfí deireadh leis an mhionn dílseachta. Ach arís eile, ní raibh Nic Shuibhne agus poblachtaigh eile sásta aitheantas ar bith a thabhairt don tSaorstáit.  In ainneoin sin, mhol an tAthair Ó Flannagain agus Nic Shuibhne rún ag an Ard Fheis a léirigh ‘the deep love and gratitude which each member feels for the man who was described by one delegate as the greatest Irishman of the century’.[33] An bhliain dár gcionn, bhí de Valera meáite chun aghaidh a thabhairt ar chosán na polaitíochta ar ais nó ar éigean. Arís eile, theip air tromlach a fháil ag Ard Feis Shinn Féin, ach, an uair seo, bhunaigh sé a pháirtí féin – Fianna Fáil. Agus é ag lorg tacaíochta ón Clann na nGael sna SAM, mhínigh Dev a réasúnaíocht chuig Seosamh Mag Aireachtaigh. Is fiú béim a leagan ar an abairt faoi chaismirt idir grúpa eacnamaíocha. Thuig de Valera go maith an bonn eacnamaíoch a luigh faoi fhreasúra na ndaoine i leith an tSaorstáit, ach, mar náisiúnach, ní raibh sé tuillte ligint don streachailt aicmeach tús áite a bhaint den tslógadh tras-aicmeach a bhí á thógail aige ó bhí 1917 ann. Go hachomair, bhí sé ar intinn ag de Valera an ghluaiseacht Shinn Féin a atógáil.

You perhaps will wonder why I did not wait longer. It is vital that the Free State be shaken at the next election for if an opportunity be given to consolidate itself further… the national interest as a whole will be submerged in the clashing of the rival economic groups. It seems to me a case of now or never – at least in our time… If the section opposing my view holds firm without violently obstructing, I will be free to go after the mass of the people and I believe I can win them back… changing to a flank in front of the enemy. It was successfully performed at that time, and has saved years of vain sacrifice.[34]

Bhí roinnt ban ar choiste stiúrtha Fhianna Fail: Margaret máthair an Phiarsaigh, an Chuntaois Markievicz, Caitlín Bean Uí Chléirigh, Dorothy Macardle, Linda Kearns agus Hanna Sheehy Skeffington. Seachas Hanna, d’fhan na mná mar chrainn thaca ag de Valera ar feadh chuid eile dá saol. [35]

Na réabhlóidithe nach raibh sásta tacú le tionscnamh nua Dev, tháinig deighilt chun tosaigh eatarthu fosta idir dream a chloígh leis an mhoráltacht amhail Nic Shuibhne agus dream sóisialach a d’aithin na fórsaí aicmeacha céanna a bhí le feiceáil i litir Dev ach a ghlac chucu féin iad seachas á ndiúltú. Thacaigh leithéidí Síghle Humphreys agus Helena Maloney le Saor Éire [nó clár sóisialach Arm Phoblacht na hÉireann] i 1931 ach chaith Nic Shuibhne anuas air mar ‘it sought to divide the people of Ireland on a class basis.’[36] Ansin, nuair a d’athraigh Cumann na mBan an bunreacht le cuspóirí 1916 a chomhlíonadh seachas údarás na dara Dála a aithint, d’imigh mionlach faoi Nic Shuibhne agus Gobnait Ní Bhruadair 7rl agus bhunaigh Mná na Poblachta – grúpa cúng náisiúnach den eite dheis a sheas ‘ar son onóra Dé agus glóire na hÉireann’. Lean Nic Shuibhne uirthi ag moladh gur cheart ‘an nasc le Sasana a bhriseadh agus gan a bheith róbhuartha faoin eacnamaíocht.’[37] Fá 1934, fiú d’imigh sí ó Shinn Féin cionn is gur lig siad dá mball pinsean a iarraidh ó rialtas Fhianna Fáil.

Cé nár bhain na poblachtaigh seo go foirmiúil le Fianna Fáil, chuidigh siad go mór le páirtí Dev an chumhacht a ghabhail i 1932 agus arís eile i 1933. Ach, ní raibh sé ar intinn ag Dev clár radacach a pháirtí féin a chur i bhfeidhm fiú. Seachas sin, agus i gcomhthéacs an spealta mhóir, thóg sé an ollghluaiseacht Shinn Féin in athuair mar aon leis na contrárthachtaí aicme agus inscne a bhí in san chéad léiriú de. Mar a bhí scríofa aige i 1922, ní réabhlóidí nó fiú poblachtach é, ní raibh ann ach Tóraí glas ach mar gheall ar a bhaint le 1916, sheas Dev mar shiombail de na 4 bliana glórtha a bhí imithe go deo. Cumha cinniúnach contráilte i ndiaidh an tseansaoil a bhí i bhFianna Fáil agus Dev mar shoitheach nó an ‘taoiseach’ go dtig leat do chuspóirí agus do mhianta féin a dhoirteadh isteach ann. Ach duine a bhí ann fosta, fear coimeádach cúramach Caitliceach a mhúnlaigh an tír ar a dheilbh féin.  

Mhaígh Todd Andrews gur dhiúltaigh a bhean cheile (Máire) tacú le Fianna Fáil mar gheall go raibh Dev agus Proinsias Mac Aogáin gnéasaíoch.  Leoga, d’admaigh sé dá mbeadh aithne aici ar Seán Lemass bheadh a tuairim daingnithe arís aici! Mar a scríobh sé féin: ‘Dev always commanded the devoted service of women, but I believed, and when I got to know him, I told him so, that he never gave women sufficient recognition for their dedication’.[38]

Thug cuid acu dúshlán Dev, áfach. I 1926, dhiúltaigh Caitlín Bean Uí Chléirigh éirí as toghchán an tSeanaid i bhfabhar Máthair an Phiarsaigh nuair a chuir de Valera in iúl di ‘nach dtacódh an páirtí le beirt bhan mar nach mbeadh siad in ann ach cúigear ball a thoghadh.’ Ní fhaca Caitlín cúis ar bith nach dtig leis an pháirtí tacaíocht a thabhairt do bheirt bhan nuair a bhí páirt chomh mór sin ag mná sa streachailt ar son na saoirse. Arís eile i 1935, chuir Caitlín agus Jenny Wyse Power i gcoinne an Bhille um Choinníollacha Fostaíochta a bhí beartaithe ag Lemass. Thug Alt 116 cumhacht don Aire Tionscail agus Tráchtála cosc a chur le mná a fhostú i limistéir áirithe.

Maidir le de Valera féin, chonacthas a ‘stone-age conception of womanhood’ agus a Chaitliceachas cráifeach go soiléir i mbunreacht 1937, a dhearbhaigh an ceart chun maoine príobháidí freisin, nó, mar a dúirt Peadar O’Donnell. De réir bhunreacht Dev sheas an chléir mar ‘the watchdogs of the private property classes’.[39] Arís eile, thug Caitlín Bean Uí Chléirigh dúshlán an bhunreachta: ‘I think it is up to every Irish woman to see that no man or group of men robs us of our status enshrined in [the] Proclamation.’ D’fhreagair Dev do na mná nárbh fhiú traithnín dó na líomhaintí gurbh fhrithghníomhaí e mar gheall ar a dhearcadh i leith na mban.[40]

Deich mbliana i ndiaidh dó seasamh ar an Innis agus culaith na nÓglach air, thug de Valera buille báis na réabhlóide lena bhunreacht. Sheas Forógra 1916 mar shiombail den teacht le chéile radacach idir Fíníneachas clasaiceach Thomáis Uí Chléirigh, Aisling an Phiarsaigh agus Sóisialachais Uí Chonghaile. Mhol sé poblacht fhrith-sheicteach gan trácht ar an Eaglais Chaitliceach, comhionannas na mban agus gur le muintir na hÉireann maoin uilig an oileáin. Trína bhunreacht féin, bhronn Dev ionad speisialta ar an Eaglais Chaitliceach, thiomain sé na mná ar ais cois tine, cliabháin ‘s cistine agus chosain sé an mhaoin phríobhaideach. Ní raibh sé ag insint bréige sa litir sin i 1922 – Tóraí Glas a bhí ann.


[1] https://www.dib.ie/biography/markievicz-constance-georgine-a5452.

[2] https://theirishrevolution.wordpress.com/2011/09/13/hanna-sheehy-skeffington-on-constance-markievicz/

[3] An Phoblacht, 13 Iúil 1932.

[4] Margaret Ward, Unmanageable Revolutionaries, (Londain, 1995), 179.

[5] Síobhra Aiken, Spiritual Wounds (Cill Dara, 2022), 99.

[6] Fearghal Mac Bhloscaidh, ‘The Big and the Long Fellow; or the Tragedy and Farce of the Irish Counter-Revolution’, Irish Marxist review, 10:29 (2021).

[7] Ward, op cit. 250.

[8] Ibid, 110- 111.

[9] https://www.dib.ie/biography/clarke-kathleen-caitlin-bean-ui-chleirigh-a1707.

[10] Ibid¸ 119-20.

[11] https://www.dib.ie/biography/power-jennie-wyse-a7454.

[12] Ward, op cit¸ 125-6; deirtear go mbíodh Lynn i gcaidreamh aerach le Madeleine ffrench Mullen, cé nach bhfuil sé scríofa fo hoscailte sa bheathaisnéis s’aici sa DIB.

[13] Ibid, 129.

[14] Ibid,137.

[15] Ibid, 163.

[16] Tim Pat Coogan, De Valera: Long Fellow, Long Shadow (Londain, 1993), 292.

[17] Diarmaid Ferriter, A Nation and not a Rabble: The Irish Revolution 1913–23 (London), 215.

[18] Ward, op cit. 176.

[19] De Valera chuig Nic Shuibhne, 11 Mean Fómhair 1922 (UCDA, P150/1652).

[20] Ferriter, A Nation and not a Rabble, 281.

[21] Diarmaid Ferriter, Between Two Hells: The Irish Civil War (Londain, 2021), 79.

[22] Ferriter, Between Two Hells, 79-81.

[23] Ferriter, Between Two Hells, 112-3.

[24] Ward, op cit. 173.

[25] Aiken, Spiritual Wounds, 286.

[26] Ward, op cit. 193.

[27] Ward, op cit. 196.

[28] Coogan, De Valera, 357.

[29] Ibid. 361.

[30] Ibid. 362.

[31] Ibid. 371.

[32] Ibid. 376.

[33] Ibid. 383.

[34] de Valera to McGarrity, 13 March 1926 (NLI, McGarrity papers, MS 17,441/3)

[35] Ward, op cit. 202.

[36] Ibid. 213-14.

[37] Ibid. 225.

[38] Quoted in Diarmaid Ferriter, Judging Dev: a reassessment of the life and legacy of Eamon de Valera (RIA, Dublin, 2007), pp 237-8.

[39]  Mac Bhloscaidh, ‘The Big and the Long Fellow’.

[40] Ward, op cit. 240-3.

Leave a comment

Comments (

0

)